Lón Nollag Líonra Mhná Fiontraíocha Fhine Gall

Obair Níos Cliste seachas Obair Níos Crua: Cuir Dlús faoi do Ghnó in 2020

 

Cúis áthais dúinn a fhógairt go mbeidh Lón Nollag bliantúil Líonra Mhná Fhiontraíocha Fhine Gall ar siúl ar an Déardaoin, an 5 Nollaig in Óstán agus Club Tuaithe Roganstown idir 11am agus 2pm.

Bí inár dteannta le haghaidh fáiltiú ceiliúrtha dí agus lón blasta ceithre chúrsa agus bain taitneamh as comhluadar mná gnó cosúil leat féin agus déan ceiliúradh ar an méid a baineadh amach in 2019, agus bí ag pleanáil do thuilleadh ratha fós in 2020.

Pléfidh ár n-aoichainteoir, Breda Stackpool, na cúiseanna nach n-éiríonn linn na cuspóirí gnó a leagaimid amach dúinn féin a chomhlíonadh i gcónaí. Ansin cabhróidh sí linn pleananna a dhéanamh don bhliain seo chugainn le seisiún idirghníomhach maidir le conas forbairt a dhéanamh go muiníneach, bunaithe ar chuspóir, agus (an rud is tábhachtaí ar fad) tagróidh sí do na gníomhartha ábhartha a chabhróidh leat do ghnó a fhorbairt de réir mar is mian leat in 2020.

Beidh neart deiseanna ann líonrú a dhéanamh agus mar chuid den seisiún “Buail leis na Baill” beidh deis ag triúr a bheidh i láthair nóiméad a chaitheamh ag caint faoina ngnó. Agus d’fhonn a chinntiú go mbeidh spiorad na Nollag le brath, beidh spotduaiseanna á roinnt agus beidh críoch mhaith á cur againn le 2019 agus beimid ar fad réidh le haghaidh athbhliain den scoth!

Tá fáilte roimh fhiontraithe baineanna agus iad siúd ar mian leo a bheith ina bhfiontraithe, táimid ag súil leat a fheiceáil ar an lá (Tá méid áirithe ticéad ar fáil anois ar phraghas níos ísle - €20 an ticéad).