A Jar Full of Life / Vielmachglas (2018) á thaispeáint ar an scáileán in Draíocht

Draíocht i gComhar le hInstitiúid Scannán na hÉireann

DÉ CÉADAOIN AN 4 NOLL 2019 10.30AM An Príomh-Halla // €5 do Mhic Léinn / Beirt Mhúinteoirí Saor in Aisce le Rang de 20+

An séasúr seo oibreoidh Draíocht i gcomhar le Clár Oideachais Institiúid Scannán na hÉireann chun an scannán 'A Jar Full of Life / Vielmachglas' a chur ar an scáileán do Mhic Léinn Meánscoile na Sraithe Sinsearaí, i nGearmáinis (le fotheidil i mBéarla). Aois mholta: 15+

Is coiméide/dráma comhaimseartha é 'A Jar Full of Life / Vielmachglas' faoi Marleen, bean óg sna fichidí, atá ag streachailt ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol. Cailleadh a deartháir níos sine go tragóideach i dtimpiste, agus ní bhíonn a fhios aici céard ba cheart di a dhéanamh, agus cinneann sí é a thabhairt chun cuimhne trí aghaidh a thabhairt ar Antartaice, aistear a bhí beartaithe ag a deartháir a dhéanamh. Tugann Marlene faoina turas bóthair lán eachtraí trasna na Gearmáine; tagann sí i gcabhair ar ghabhar, aimsíonn sí cairde nua di féin, agus caitheann sí saol lán spraoi agus spleodar, i gcoiméide spraíúil faoi theacht in aois.

MÚINTEOIRÍ: Cláraigh dár Ríomhirisí do mhúinteoirí ANSEO le bheith cinnte go bhfaigheann tú an nuacht agus na tairiscintí is déanaí.

An Ghearmáin •  2018 •  89 nóim  •  Coiméide/Dráma •  Fotheidil Bhéarla
Stiúrthóir: Florian Ross

Scannáin do Mhic Léinn na Sraithe Sinsearaí 2020
Más spéis leat scannán a thaispeáint do mhic léinn ó do scoil féin, déan teagmháil linn chun é phlé. Beimid in ann scannán a thaispeáint bunaithe ar infhaighteacht an scannáin agus an halla, agus íosmhéid de 100 mac léinn a bheith i láthair. Más spéis leat tuilleadh sonraí, glaoigh ar Sarah ag 01-809 8029 nó seol ríomhphost chuig  [email protected]