Leasanna atá le Fáil Ar Líne Bainte Amach ag Gnólachtaí Fhine Gall leis an Tacaíocht Trádála Idirlín
Tá Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Fhine Gall tar éis a thuairisciú go bhfuil an méadú is mó sa líon iarratas ar Dhearbháin Trádála Ar Líne (TOV) le 2 bhliain anuas, ó ghnólachtaí beaga atá ag pleanáil infheistíocht a dhéanamh sna hardáin díolacháin ar líne atá acu.