Eisíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall teachtaireacht tacaíochta agus dlúthpháirtíochta do phobal na n-ealaíon

Tá teachtaireacht tacaíochta agus dlúthpháirtíochta eisithe ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall do na healaíontóirí, na grúpaí ealaíon, na heagraíochtaí ealaíon agus na comhpháirtithe uile a oibríonn leis an oifig.

In ainneoin na paindéime Covid-19, leanfaidh an Oifig Ealaíon le hinfheistíocht a dhéanamh sna róil atá ag ealaín agus ealaíontóirí i saol mhuintir Fhine Gall agus na róil sin a chur chun cinn.

Geallann an Oifig Ealaíon go bhfuil sí tiomanta agus go bhfuil sé de rún aici teagmháil agus cumarsáid a choinneáil le pobal na n-ealaíon le linn na tréimhse seo.

Ní mór dul in oiriúint do chúrsaí mar atá faoi láthair agus tá an Oifig Ealaíon ag déanamh pleananna go gníomhach chun bealaí nua agus nuálaíocha a aimsiú chun cabhrú le healaíontóirí a gcleachtas agus a láithreacht a chothabháil ar raon na n-ardán ar líne atá ar fáil agus an obair go dtí seo agus níos tábhachtaí an obair atá fós le teacht a chur chun cinn.

Leanfar ag tabhairt deiseanna d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí mar a rinneadh i gcónaí agus déanfar na tiomantais reatha a chomhlíonadh.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Draíocht agus le hIonad Ealaíon Séamuis Ennis go fóill ar na gnáthbhealaí.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Beartais Straitéisigh um Fhorbairt Pobail, Oidhreacht, Cultúr agus Cruthaitheacht, an Clr. Aaron O'Rourke: “In ainneoin na timpeallachta oibriúcháin deacra ina bhfuilimid mar gheall ar Covid-19, is ábhar dóchais dúinn é fios a bheith againn go bhfuil an Chomhairle ag tacú le healaíontóirí ar go leor bealaí agus muid ag tnúth le hamanna níos gile. Ní neart go cur le chéile ”

Dúirt Rory O'Byrne, Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall: “Leanfaimid orainn ag obair chun tacú leis na daoine agus na heagraíochtaí sin go léir a chuireann go dearfach le saol cultúrtha Fhine Gall. Táimid ar fáil daoibh, ar an bhfón agus ar r-phost, agus déanfaimid ár ndícheall cabhrú libh le comhairle agus tacaíocht phraiticiúil nuair is féidir. Creidimid gur tacaíocht riachtanach don phobal iad na healaíona agus na healaíontóirí sa tréimhse seo gan fasach."

Dúirt an Stiúrthóir Pobail & Tithíochta Margaret Geraghty: “Tá obair na hOifige Ealaíon forbarthach, mar sin tá an fhoireann ag leanúint ar aghaidh ag obair go crua ar na haidhmeanna atá leagtha amach i bPlean Ealaíon 2019-25."

Bí i dteagmháil agus fan slán.