Tionscadail Chroíchonairí Bus BusConnects - Nuashonrú maidir leis an gComhairliúcháin Phoiblí

Mar gheall ar an Éigeandáil Covid-19 reatha agus an tréimhse gan fasach ina bhfuilimid ag maireachtáil, chinn an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) go mbeidh comhairliúchán poiblí eile ann maidir leis na Tionscadail Chroíchonairí Bus níos déanaí i mbliana.

Tá súil againn an comhairliúchán poiblí breise a dhéanamh i Meán Fómhair 2020, ach beidh sé seo ag brath ar bhaint shrianta reatha FSS agus de réir aon treoirlínte de chuid FSS a d’fhéadfadh a bheith fós i bhfeidhm níos déanaí i mbliana.

Beidh an comhairliúchán poiblí reatha fós gníomhach go dtí Dé hAoine an 17 Aibreán 2020, de réir na n-aighneachtaí atá á bhfáil againn go fóill agus mholfaimis do dhaoine ar mhaith leo aighneachtaí a sheoladh leanúint orthu ag déanamh amhlaidh. 

Is féidir aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] nó tríd an bpost chuig an NTA. 

Tá gach ceann de na 16 Bhróisiúr maidir leis na Croíchonairí Bus agus léarscáileanna gaolmhara ar fáil le feiceáil agus le híoslódáil ar ár láithreán Gréasáin www.busconnects.ie