Comhairliúchán ar Uiscí Snámha a Shainaithint do Shéasúr 2022 Tugadh cuireadh do phobal Fhine Gall a dtuairim a nochtadh san athbhreithniú bliantúil ar uiscí snámha do Shéasúr 2022
Leather Heaven Is speisialtóireacht Leather Heaven ná slipéir a dhíol a allmhairítear go díreach ón bPolainn. Cuirimid raon leathan slipéar d’fhir agus do mhná déanta as leathar nádúrtha ar fáil. Táimid lonnaithe i Sord, Co. Bhaile Átha Cliath agus cuirimid seachadadh saor in aisce ar fáil sa cheantar agus postas saor in aisce chuig gach aon áit in Éirinn.
Freagra iontach ar na tairiscintí tosaigh faoin Scéim Rogha Tithíochta Tá freagra iontach faighte ag Comhairle Contae Fhine Gall ar a glao ar léirithe spéise ina Scéim Rogha Tithíochta a fógraíodh le déanaí.
Oifigeach Imeasctha nua ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall Tá Valerie McAllorum Byrne ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall mar Oifigeach Imeasctha, rud a tharraingíonn aird ar thiomantas na Comhairle maidir le hionchuimsiú agus dul chun cinn sna pobail éagsúla i bhFine Gall.
Leanann an tógáil ar Acomhal Snugborough le dúnadh an íosbhealaigh do choisithe Chuir Comhairle Contae Fhine Gall comhairle ar dhaoine atá ina gcónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath 15, mar chuid den obair thógála ar Acomhal Snugborough i mBaile Bhlainséir, go ndúnfaidh an t-íosbhealach coisithe inniu (17 Bealtaine). Tá sé seo riachtanach chun na hoibreacha a chur i gcrích go sábháilte.
Físeán Cuimhneacháin Faoi Chreachadh Bhaile Brigin a sheoladh Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár faisnéise cuimhneacháin a sheoladh ar meabhrúchán oiriúnach agus marthanach é den mhéid ullmhúcháin a rinne grúpaí áitiúla agus Ionadaithe Tofa ó Bhaile Brigín agus dá dtiomantas don phleanáil a rinneadh ar chuimhneachán céad bliain Chreachadh Bhaile Brigín, a thit amach anuraidh.
Tionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór - Páirt 8 Tá áthas an domhain ar Chomhairle Contae Fhine Gall tús a chur leis an bpróiseas pleanála foirmiúil do Thionscadal Forbartha Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór.