Oifigeach Imeasctha nua ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall

Tá Valerie McAllorum Byrne ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall mar Oifigeach Imeasctha, rud a tharraingíonn aird ar thiomantas na Comhairle maidir le hionchuimsiú agus dul chun cinn sna pobail éagsúla i bhFine Gall.

integration officer appointed

Tá baint ag Valerie leis an bhforbairt atá déanta ar an bhFóram Imeasctha nua i bhFine Gall agus le déanaí, rinne sí athbhreithniú ar pholasaí Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirt leis an gComhairle um Inimircigh in Éirinn chun a chinntiú go raibh siad ag comhlíonadh cearta comhionannais agus daonna mar atá leagtha amach i dtreoirlínte IHREC um dualgais na hearnála poiblí.

Tá Valerie ag obair san Fhorbairt Phobail le os cionn 25 bliain, agus le 18 bliain anuas tá sí ag obair le hOifig Forbartha Pobail Fhine Gall  i réimse an Ionchuimsithe Shóisialta, na Forbartha Pobail, agus ar Thionscadail Chaipitil agus Straitéiseach.

Tá tionscadail comhordaithe aici ar nós Ionad Oibrithe Deonacha Fhine Gall, Comhairle na nÓg agus forbairt agus oiliúint arna cistiú ag an gCoimisiún um Chearta an Duine agus Chomhionannais – “Cúrsaí Idirchultúrtha, an Éagsúlacht agus Dualgas na hEarnála Poiblí”.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy: “Is cuid ríthábhachtach í an imeascadh de shochaí atá sláintiúil, comhtháite agus éagsúil, agus fáiltím roimh cheapachán Valerie mar Oifigeach Imeasctha chun na hiarrachtaí atá ar bun ag Fine Gall i dtaca leis seo a chur chun cinn.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is contae muid ina bhfuil ceann de na pobail is éagsúla agus is mó atá ag fás in Éirinn, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go dtugtar tús áite don imeascadh. Cabhróidh ceapachán Valerie le Fine Gall é seo a bhaint amach ar bhealach straitéiseach agus éifeachtach.”

Dúirt Valerie: “Tá an-áthas orm bheith ag tosú sa ról nua seo laistigh de Chomhairle Contae Fhine Gall chun spriocanna na nGníomhartha Comhtháite Sóisialta agus Imeascadh Inimircigh a chomhordú agus tacú leis na torthaí molta a fhorbairt.

“Cuireann ceapachán Oifigigh Imeasctha le tiomantas na comhairle an t-imeascadh a chur chun cinn ar fud an chontae agus chun freagairt ar na dúshláin agus na deiseanna a eascraíonn as an bpobal atá ag athrú ar a fhreastalaíonn sé”.