Comhairliúchán ar Uiscí Snámha a Shainaithint do Shéasúr 2022 

Tugadh cuireadh do phobal Fhine Gall a dtuairim a nochtadh san athbhreithniú bliantúil ar uiscí snámha do Shéasúr 2022

 

beach-dawn-iphone-wallpaper-189349.jpg

Baineann na mílte duine taitneamh as snámh ag lochanna, aibhneacha agus tránna fíorghlana na hÉireann i rith shéasúr an tsamhraidh.  Ní fios d’fhormhór an lucht snámha gur gá do Chomhairlí Cathrach agus Contae láithreacha oifigiúla snámha atá suite ina gceantar a shainaithint gach bliain chun gur féidir monatóireacht a dhéanamh orthu maidir le sábháilteacht, caighdeán an uisce agus an leibhéal úsáide a bhaintear astu.  Chun cabhrú leo leis an bpróiseas seo, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh ar dhaoine anois a bhíonn ag snámh ag tránna, lochanna agus aibhneacha a insint dóibh má cheapann siad gur cheart dóibh ainmniúcháin reatha uiscí snámha a choimeád nó ainmniúchán nua láthair shnámha oifigiúil a thabhairt do limistéir a mbaintear gnáthúsáid astu chun snámh iontu, ach nach bhfuil ainmnithe faoi láthair.  

Faoi dhlí na hEorpa agus na hÉireann, caithfidh Comhairlí Cathrach agus Contae uiscí snámha a shainaithint gach bliain chun gur féidir monatóireacht a dhéanamh ar na limistéir seo lena chinntiú go mbaineann siad caighdeáin dhiana mhicribhitheolaíocha amach maidir le caighdeán an uisce.   I gcásanna áirithe, is iad na láithreacha snámha oifigiúla na limistéir a ndíríonn comhairlí a gcuid acmhainní orthu freisin agus ina gcuireann siad gardaí tarrthála ar fáil i rith shéasúr an tsamhraidh.  Ceanglaíonn na dlíthe seo freisin go n-ullmhaíonn an Chomhairle cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na huiscí snámha a shainaithnítear ina ndéantar cur síos ní hamháin ar an láthair shnámha ach ar na limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh bheith ina bhfoinse de thruailliú.  Tá sna próifílí measúnú ar an riosca i dtaobh truailliú agus an gníomh a dhéanfaí dá dtitfeadh truailliú amach.

 Má bhíonn tú ag snámh go rialta agus más mian leat cabhrú le Comhairle Contae Fhine Gall cinneadh a dhéanamh faoi cén láithreacha snámha ba cheart a aithint do shéasúr 2022 mar uiscí snámha ainmnithe, b’fhéidir go gcabhródh sé leat machnamh a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • Conas a úsáideadh do láthair shnámha go dtí seo;
  • Cé mhéid duine a úsáideann an suíomh?
  • Cén áiseanna atá sa suíomh agus cé chomh héasca atá sé teacht air (e.g. comharthaíocht, páirceáil, leithris, láthair picnicí etc.)?
  • An bhfuil aon saincheisteanna maidir le sábháilteacht ann?

 

Is féidir leat súil a chaitheamh freisin ar an gcáipéis a d’fhoilsigh an GCC Comhairle ar Uiscí Snámha Nua a Shainaithint.

Más mian leat an trá/an abhainn etc. is fearr leat a mholadh mar shuíomh nua uisce snámha nó do thuairim a nochtadh faoi shuíomh atá ann faoi láthair, déan d’aighneacht, le do thoil, trí úsáid a bhaint as an tairseach chomhairliúcháin https://consult.fingal.ie/en/consultation/public-consultation-identific….  

De rogha air sin, seol d’aighneacht scríofa sa phost, le do thoil, chuig:

An Roinn Oibríochtaí (Uiscí Snámha), Comhairle Contae Fhine Gall, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.  

Is é an dáta deiridh d’aighneachtaí Dé Céadaoin, an 17 Meitheamh 2021.