Cúr donn ar an trá

Brown Foam Beach

Cad é sin san uisce?

Is cúr donn é sin a bhíonn le feiceáil ar an trá ó am go chéile.  Tugtar cúr brutha nó cúr farraige air.   Is minic a cheaptar gur truailliú atá ann, ach ní hé.  Cruinniú na milliún algaí micreascópacha (blás) atá ann agus is rud nádúrtha é.  Bíonn solas gréine ag teastáil uathu le go bhfásfaidh siad. Ceanglaíonn siad leis na bolgáin sna tonnta, agus bíonn sé sin ina chúis le cúr 

Cén chaoi a bhfaighidh mé amach nach truailliú atá ann?

An bhfuil píb in aice láimhe nó an bhfuil boladh ann? Bíonn truailliú camrais liath de ghnáth agus ní bhíonn sé donn. Seans go mbeidh comharthaí ar chamras ann freisin.

Cén fáth a dtarlaíonn sé?

Bíonn algaí brutha (plandaí micreascópacha) san uisce an t-am ar fad agus féadann an t-ábhar orgánach tuaslagtha a bhíonn iontu an cúr sin a tháirgeadh de bharr shuaitheadh na farraige cois cladaigh, go háirithe nuair atá sé gaofar agus in áiteanna oscailte.   

Cathair a tharlaíonn sé?

Tarlaíonn sé nuair a thosaíonn teochtaí farraige ag ardú (mí na Bealtaine de ghnáth) agus nuair a bhíonn gaoth láidir ar tír.  Briseann siad síos go tapa mar gheall ar an taoide agus ar athruithe aimsire. Tá an cúr a chonacthas ar an gcósta le roinnt seachtainí anuas ann mar gheall ar an aimsir bhreá agus gaotha láidre le déanaí.

Cén áit a dtarlaíonn sé?

Bíonn sé ann aon áit ar an gcósta agus tagann sé isteach i gcuanta leis an taoide.  Bíonn an cúr níos mó agus níos lú in áiteanna éagsúla. Braitheann an méid ar thionchar na bhfoinsí fionnuisce (aibhneacha) agus ar an timpeallacht talún (carraigeacha), mar éiríonn an cúr níos líonmhaire i dtonnta atá ag briseadh. 

 An bhfuil sé díobhálach?

Ní dhéanann an chuid is mó de chúr farraige dochar do dhaoine agus is minic a thugann sé le fios go bhfuil éiceachóras na farraige táirgiúil.  Níl an cúr donn sin tocsaineach.  Ach ní mholtar duit snámh ann ná ligean do do mhadra dul ag spraoi ann.