Leanann an tógáil ar Acomhal Snugborough le dúnadh an íosbhealaigh do choisithe

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall comhairle ar dhaoine atá ina gcónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath 15, mar chuid den obair thógála ar Acomhal Snugborough i mBaile Bhlainséir, go ndúnfaidh an t-íosbhealach coisithe inniu (17 Bealtaine). Tá sé seo riachtanach chun na hoibreacha a chur i gcrích go sábháilte.

Snugborough Interchange contract signing

Cuireadh in iúl do choisithe go mbeidh bealach atreoraithe i bhfeidhm thar an droichead trí na cosáin agus tríd an acomhal rialaithe. Déanfar fad an dúnta a íoslaghdú a oiread agus is féidir.

 

I measc na hoibreacha eile a chuirfear i mbun sna míonna atá amach romhainn tá tógáil struchtúir choinneála talún ó dheas ó Bhóthar Snugborough a éascóidh tús a chur le tógáil íosbhealaigh nua.

 

Cuirfear tús freisin le ballaí coinneála a thógáil siar ón droichead chun leathnú an chaolbhealaigh as an N3 agus nascbhóthar SC Baile Bhlainséir a éascú, agus táthar ag súil go dtosóidh na hoibreacha carnála ar an struchtúr droichid nua i mí Lúnasa.

 

Beidh nuashonruithe bainistíochta tráchta ar fáil ag https://www.snugboroughinterchange.ie/traffic-management-updates/

 

Síníodh conarthaí idir Comhairle Contae Fhine Gall agus BAM Cathartha Teo, a ceapadh tar éis próiseas iomaíoch tairisceana.

 

Chuir Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly agus Tadhg Lucey, POF de BAM peann le pár ag na hOifigí Cathartha i mBaile Bhlainséir. Bhí Leas-Mhéara Fhine Gall, An Comhairleoir Robert O’Donoghue, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Matthew McAleese agus Innealtóir Sinsearach Paul Carroll ina dteannta.

 

Cuimsíonn an tionscadal, arna chómhmhaoiniú ag an Údaráis Náisiúnta Iompair, an dara droichead a thógáil thar phríomhbhealach náisiúnta an N3 chomh maith le lánaí bus nua, cosáin, rotharbhealaí cosanta agus lánaí tráchta a thugann inrochtaineacht fheabhsaithe ar Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus Crios Fiontraíochta Cheantar Bhaile Átha Claith i Mullach Eadrad.

Dearadh an scéim chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna plódaithe líonra agus chun feabhsuithe suntasacha a sholáthar do choisithe, do rothaithe agus do sheirbhísí bus.

Tá bearta chun éifeachtúlacht oibríochta an dá achomhal ar gach taobh den N3 a fheabhsú lena n-áirítear bearta tosaíochta bus a thacóidh leis an tionscadal Bus Connects san áireamh sa tionscadal.

Meastar go dtógfaidh sé dhá bhliain an tionscadal iomlán a chríochnú. 

 

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin tionscadal seo téigh chuig láithreán gréasáin an tionscadail www.snugboroughinterchange.ie

 

Críoch

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le [email protected]