Search
1501 - 1510 of 3274 results
Las Solas ar do Rothar!
Glao chun gnímh ón gceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath, ón nGarda Síochána, ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ó Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath d’úsáideoirí rothar solas a lasadh ar a gcuid rothar agus iad ar an mbóthar le linn aimsir dhorcha.
Moilligh do Luas don tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann i bhFine Gall
Seoladh An tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann inniu, Dé Luain 04 Deireadh Fómhair agus beidh sí ar siúl go dtí Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2021. Is tionscnamh de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre é an tSeachtain um Shábháilteacht ar Bhóithre na hÉireann. Tá an tOifigeach um Shábháiteacht ar Bhóithre agus an fhoireann Taistil Gníomhaí de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ag dul i bpáirt leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre chun cuidiú leo teachtaireachtaí tábhachtacha a chur chun cinn i rith na seachtaine.
Fine Gall ag ceiliúradh na hiléagsúlachta ar fud an chontae le seoladh an fheachtais “We are Fingal”
Tá feachtas nua seolta inniu ag Comhairle Contae Fhine Gall atá bunaithe ar phobal atá níos lánpháirtiúil go sóisialta a fhorbairt ina nglactar le gach uile chineál duine agus ina bhfuil meas ar na difríochtaí agus chun ceiliúradh a dhéanamh freisin ar an obair mhór a dhéanann áitritheoirí ina gceantair féin.
An Chomhairle ag tairiscint clár ceannaireachta éifeachtach do mhná Fhine Gall
Le cuidiú le mná a scileanna ceannaireachta a fhorbairt agus foghlaim faoi conas athrú dearfach a thionscnamh, d’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh sí ag reáchtáil clár nua She Leads, We Lead do chónaitheoirí áitiúla, le seisiúin faoi stiúir foireann ban a thacaigh le hathrú ina bpobail féin trí cheannaireacht éifeachtach.
Fógraíonn Riot Games borradh táirgeachta domhanda atá tiomáinte ó shaoráid nua Fhine Gall
Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh an nuacht go bhfuil Riot Games, an forbróir agus an foilsitheoir is fearr aithne do League of Legends, tar éis suíomh a roghnú i Sord dá Lárionad Cianda Craolacháin agus Léiriúcháin Ábhar nua.
Leantar le dul chun cinn a dhéanamh ar an athrú ó bhonn ar an mbaile is óige in Éirinn
Dhá bhliain tar éis Plean Athnuachana Ár mBaile Bhrigín 2019-2025 a sheoladh, tá cruth ag teacht ar an athrú ó bhonn atá á dhéanamh ar an mbaile is óige in Éirinn, agus tá dul chun cinn suntasach déanta ar réimse spriocanna i ngach ceann de na cúig piléar atá sa Phlean.
Ceisteanna Coitianta um Leabharlanna
Clár pléarácaí seolta le go mbainfidh muintir na háite sult astu le linn Fhéile Shamhna na bliana seo
Fad a chrochtar na maisiúcháin agus fad a réitíonn leanaí fud fad an chontae a gcultacha fíochmhara tá a sceideal d'imeachtaí na Samhna 2021, atá mar chuid dá tionscnamh Oíche Shamhna níos Sábháilte, seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Wrights of Howth
Éisc Úr agus bia mara gach lá onár siopa nua-athchóirithe agus Deilí Gourmet.
Cuirimid ár mBradán Deataithe Éireannach Orgánach cáiliúil ar fáil do Phacaistí Bronntanas, Bronntanais Fíona agus Champagne agus Ciseáin Bronntanas.
Táimid muiníneach go bhfaighidh tú bronntanas ardchaighdeáin a oireann do do bhuiséad.