Gort an Teampaill, Tithíocht Mhullach Eadrad agus Páirc Líneach an Oirthir Cuid 8

Cuid 8 - Tithíocht bheartaithe ina bhfuil 300 teaghas, 1 Shaoráid creise, 1 shaoráid phobail, 2 aonad miondíola, Páirc Líneach an Oirthir agus na hoibreacha forbartha láithreáin gaolmhara ar fad ag láithreán 9.47ha ag Gort an Teampaill, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15.

Church Fields Mulhuddart Part 8

Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí maidir leis an bhforbairt bheartaithe seo a leanas, ag déileáil le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeadh an fhorbairt lonnaithe, a dhéanamh ón Déardaoin, an 9 Nollaig 2021 agus ní mór go mbeidís faighte roimh 11:59 pm ar an Luan, an 31 Eanáir 2022.

Tithíocht bheartaithe a áirítear ann 300 teaghas, 1 shaoráid creise, 1 uimh. saoráid phobail, 2 aonad miondíola, Páirc Líneach an Oirthir agus na hoibreacha forbartha láithreáin gaolmhara ar fad ag láithreán 9.47 ha ag Gort an Teampaill, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15,  agus leasuithe ar stráice idir Ascaill Bhaile Dama agus Ascaill Radharc an Tobair de Bhóthar Ceangail Ghort an Teampaill agus Tionscadal an Ghréasáin Rotharbhealaí (Uimh. Thagartha Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall: CUIDXI/011/19).

De réir Chuid XI d’Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus Cuid 8 de Rialacháin Phleanála agus Forbartha, 2001 (arna leasú), tugann Comhairle Contae Fhine Gall fógra leis seo maidir leis na hoibreacha beartaithe atá le cur i gcrích ag an láithreán thuasluaite lena n-áirítear:

Tógáil bheartaithe 300 aonad Cónaithe, ina gcuimsítear 220 teach  2 - 3 stór ar airde, lena n-áirítear 68 aonad x 2-leaba le haghaidh 4 dhuine (cineálacha éagsúla, le hollachar urláir idir 82.8 m2 agus 88.2 m2), 133 aonad x 3-leaba le haghaidh 5 – 6 dhuine (cineálacha éagsúla, le hollachar urláir idir 94.2 m2 agus 127.9 m2), agus 19 aonad x 4-leaba le haghaidh 7 nduine (cineálacha éagsúla, le hollachar urláir idir 129.7 m2 agus 133.5 m2), 80 árasán i 3 bhloc árasáin 4 hurlár, lena n-áirítear 27 aonad x 1-leaba le haghaidh 2 dhuine (cineálacha éagsúla, le hollachar urláir idir 46.9 m2 agus 58.9 m2), 50 aonad x 2-leaba le haghaidh 3 – 4 dhuine (cineálacha éagsúla, le hollachar urláir idir 72.9 m2 agus 83.3 m2), agus 3 aonad x 3-leaba le haghaidh 5 dhuine (le hollachar urláir de 91.1 m2).

creis 570 m2,

saoráid phobail 270 m2,

2 aonad miondíola, 104 m2 agus 176 m2,

bloc aon stór amháin le haghaidh rothar, boscaí bruscair agus fostáisiún aonad BSL,

2 fhostáisiún aonad BSL neamhspleácha (le hollachar urláir de 8.2 m2 i ngach aonad),

3 mhionpháirc Spás Oscailte Phoiblí le háiteanna súgartha, Páirc Líneach thart ar 2 ha agus naisc nua do choisithe agus do rothair. Na hoibreacha forbartha láithreáin gaolmhara ar fad lena n-áirítear bóthar rochtana, cosáin, teorainneacha láithreáin, spás oscailte, draenáil, soilsiú poiblí, fóntais agus seirbhísí;

Cuirfear spás oscailte seachtrach ar fáil do gach teach agus árasán (gairdíní cúil nó balcóiní) agus beidh 493 cuas páirceála ar fáil le haghaidh cónaitheoirí agus 19 gcuas páirceála ar fáil le haghaidh páirceáil tráchtála.

Beidh pleananna agus mionsonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh nó le ceannach le haghaidh táille nach mó ná an costas réasúnach a bhainfeadh le cóip a dhéanamh ón Déardaoin, an 9 Nollaig 2021 suas go dtí agus lena n-áirítear Dé Luain, an 17 Eanáir 2022 i rith uaireanta oscailte oifige (Luan go Déardaoin, 9:00 am - 5:00 pm agus Dé hAoine, 9:00 am - 4:30 pm) sna háiteanna seo a leanas:

Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2

Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

 

Mar gheall ar phaindéim Covid-19 ní mór coinne a dhéanamh roimh dhul chomh fada le hoifigí na Comhairle. Glaoigh ar an Aonad Cúraim do Chustaiméirí ag an Uimhir Theileafóin 01-8905000 nó seol ríomhphost chuig:   [email protected]

Is féidir pleananna agus mionsonraí na forbartha beartaithe a iniúchadh freisin ag na suíomhanna seo a leanas (iniúchadh amháin) ón Déardaoin, an 9 Nollaig 2021 suas go dtí agus lena n-áirítear an Luan, an 17 Eanáir 2022:

 

Ar líne ag http://consult.fingal.ie/en/browse

Ionad Pobail Mhullach Eadrad, Bóthar an Teampaill, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15, D15 R2VF

 

Glaoigh ar Ionad Pobail Mhullach Eadrad ag an uimhir 01 – 8215120 má tá aon cheist agat maidir le huaireanta oscailte don phobal.

Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí i ndáil leis an bhforbairt bheartaithe, atá ag déileáil le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh mar seo a leanas:

Ar líne: trí Thairseach Chomhairliúcháin na Comhairle http://consult.fingal.ie/en/browse suas go dtí agus lena n-áirítear an 31 Eanáir 2022

Tríd an bpost: i scríbhinn chuig: Stiúrthóir Gníomhach Tithíochta agus Pobail, An Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Fhine Gall, Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638

 

Is féidir aighneachtaí nó breathnóireachtaí a dhéanamh ón Déardaoin, an 9 Nollaig 2021 agus ní mór go mbeidís faighte roimh 11:59 pm ar an Luan, an 31 Eanáir 2022.

TABHAIR FAOI DEARA: Seol aighneacht ar aghaidh ar bhealach amháin.

De réir Airteagal 81 agus Airteagal 120 de Rialacháin Phleanála & Forbartha, 2001 (Arna Leasú), chinn Comhairle Contae Fhine Gall i ndiaidh réamhscrúdú a dhéanamh nach bhfuil aon dochúlacht dháiríre go mbeidh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht ag eascairt as an bhforbairt bheartaithe agus nach bhfuil gá le Measúnacht Tionchair Timpeallachta. Féadfaidh aon duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta an fhógra seo, iarratas a dhéanamh le An Bord Pleanála le haghaidh cinneadh scagthástála maidir le cibé acu an dócha nó nach dócha go mbeadh éifeachtaí suntasacha ar an timpeallacht. 

Cuimseofar na saincheisteanna ar fad ar tarraingíodh aird orthu sna haighneachtaí agus breathnóireachtaí a fuair an Chomhairle maidir leis an bhforbairt seo, lena n-áirítear freagairt an Phríomhfheidhmeannaigh orthu, i dtuarascáil reachtúil atá le cur faoi bhráid chruinniú míosúil Chomhairle Contae Fhine Gall. Liostófar sa tuarascáil reachtúil na daoine nó na comhlachtaí a rinne aighneachtaí nó breathnóireachtaí maidir leis an bhforbairt bheartaithe de réir rialachán a rinneadh faoi Chuid XI den Acht Pleanála agus Forbartha arna leasú. Beidh miontuairiscí an chruinnithe sin lena n-áirítear an tuarascáil reachtúil le fáil ar Shuíomh Gréasáin na Comhairle. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí mionsonraí lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a dhéanann aighneachtaí agus breathnóireachtaí a roinnt leis na Ranna agus gníomhairí ábhartha ón gComhairle atá ag obair ar a son.