Tuilleadh tacaíochta don phobal LGBTQ+ agus Féile Mhórtais an Gheimhridh Fhine Gall seolta

Winter Pride

I ndiaidh an ratha a bhí ar an gcéad Fhéile Mhórtais níos túisce i mbliana, tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go mbeidh sraith imeachtaí á seoladh i rith mhíonna an gheimhridh mar chuid d’Fhéile Mhórtais an Gheimhridh Fhine Gall.

Tá na himeachtaí seo eagraithe chun tacú le pobal, cairde agus comhghuaillithe LGBTQ+ ar fud Fhine Gall. Tabharfar léargas ar aistear an mhórtais agus soláthrófar tacaíocht trí fhaisnéis a chur ar fáil ag tráth den bhliain atá an-uaigneach. 

Buaicphointe de Mhórtas an Gheimhridh é nochtadh thaispeántas grianghraf na Leabharlainne Náisiúnta dar teideal Living with Pride. Beidh an taispeántas le feiceáil i Sord ar dtús agus ansin Baile Bhlainséir i rith na chéad chéime de thuras náisiúnta. Tá íomhánna le feiceáil sa taispeántas - a léiríonn aistear an mhórtais in Éirinn ó thús na 1990idí - a ghlac Chris Robson, an gníomhaí ceannródaíoch LGBTQ+ agus cearta sibhialta. 

Tá an t-imeacht saor in aisce, gan ticéid, oscailte don phobal agus is féidir súil a chaitheamh ar na híomhánna go léir idir an 24 Eanáir–an 6 Feabhra 2022 i Halla an Chontae, Sord, agus ina dhiaidh sin, ón 7-22 Feabhra 2022 i Leabharlann Bhaile Bhlainséir. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Leasmhéara Fhine Gall, an Comhairleoir Daniel Whooley: “Cúis áthais dúinn gurb é seo an chéad suíomh atá chun an taispeántas iontach Living with Pride a óstáil. Tugtar léargas sna híomhánna ar chrógacht, díograis agus clisteacht ghníomhaithe LGBTQ+ le linn dóibh troid ar mhaithe le comhionannas do chách ar fud na hÉireann a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus tús a chur leis an bpróiseas a bhain le díchoiriúlú na hómaighnéasachta. Is meabhrúchán iontach é ar an tábhacht a bhaineann le hionchuimsiú inár gContae, Contae atá thar a bheith ilghnéitheach.”  

I rith mhí Eanáir agus mhí Feabhra 2022, reáchtálfar roinnt seisiún faisnéise agus múscailte feasachta i suíomhanna tábhachtacha sa Chontae. Reáchtálfar an chéad imeacht in Ionad Pobail an Phléimeannaigh ar an 25 Eanáir ag 11am agus beidh baill de Mhórtas Bhaile Átha Cliath, LGBTQ+ Éireann, Outcomers, Mórtas an Gharda Síochána agus baill den phobal LGBTQ+, a gcairde agus comhghuaillithe ag tacú leis an imeacht. Reáchtálfar seisiúin eile mar seo a leanas: 

An 8 Feabhra               11am – 12.30pm        Ionad Pobail an Teachín, Lusca.

An 15 Feabhra             11am – 12.30pm        Leabharlann Shoird

An 22 Feabhra          11am – 12.30pm       Leabharlann Bhaile Bhlainséir
 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Cúis áthais gur éirigh linn cur leis an rath a bhí ar chéad imeacht Mhórtas Fhine Gall trí thacaíocht bhreise a sholáthar agus maidineacha tae agus caife a reáchtáil mar chuid de chlár Mhórtas an Gheimhridh. Tá an Chomhairle tiomanta do thacú leis an bpobal LGBTQ+, go háirithe i rith tréimhsí uaigneacha, agus cabhróidh na seisiúin buail isteach seo go mór lenár bpobal.”  

Mar chuid d’fheachtas Mhórtas an Gheimhridh, cuirfear bratacha Mórtais ar an 33 ionad pobail a bhfuil Fine Gall ag tacú leo agus ar na deich leabharlann sa Chontae. Tá cuilt chuimhneacháin a dhéanann ceiliúradh ar shaol daoine a cailleadh i rith bhuaicthréimhse phaindéim SEIF ar taispeáint anois freisin i Halla an Chontae, Sord. Is iad cairde, leannáin agus teaghlaigh na ndaoine a raibh SEIF orthu a cailleadh a rinne painéil aonair i gcuimhne ar na daoine muinteartha leo a cailleadh atá fuaite le chéile chun obair phaistí daite níos mó a chruthú. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Valerie McAllorum Byrne, Oifigeach um Lánpháirtiú Fhine Gall: “D’eascair an smaoineamh a bhain le Mórtas Geimhridh Fhine Gall a óstáil ó na ceardlanna oiliúna pobail a reáchtáladh i mí Meithimh. Theastaigh uainn níos mó airde a tharraingt ar aistear an mhórtais agus ba léir ón aiseolas a fuarthas ón bpobal gur bhain tábhacht le haird a tharraingt ar aonrú mar phríomhcheist don phobal, do chairde agus do chomhghuaillithe LGBTQ+ i rith mhíonna an gheimhridh.”  

Tabhair cuairt ar: www.fingal.ie/integration má theastaíonn eolas cothrom le dáta uait faoi na himeachtaí atá á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Mhórtais an Gheimhridh Fhine Gall. 

Quilt