Réamhoibreacha le déanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall mar chuid de Scéim Coisithe agus Rotharbhealaigh Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill

Harry Reynolds Road Cycle Lanes artists impression

Réamhoibreacha le déanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall mar chuid de Scéim Coisithe agus Rotharbhealaigh Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill

Cuirfear tús le réamhoibreacha le haghaidh Bhealach Coisithe agus Rotharbhealaigh nua luach €8.5m feadh Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill sa bhliain nua, agus tá sé beartaithe freisin tús a chur le hobair tírdhreachaithe agus ghlanta ar an 4 Eanáir.

Tá conraitheoir ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall chun réamhoibreacha a chur i gcrích feadh an bhealaigh 2km. 

Cuimseofar sa chonradh le haghaidh na réamhoibreacha cur crann agus obair ghlanta crann feadh an Rotharbhealaigh atá beartaithe a fhorbairt. Tá na hoibreacha seo á gcur i gcrích i mí Eanáir chun an oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as an bpoitéinseal a bhaineann leis na crainn nua atá curtha agus d’fhonn a chinntiú go bhfuil na hoibreacha bainte crann curtha i gcrích roimh thús shéasúr neadaithe na n-éan ar an 1 Márta. Chomh maith leis sin, cinnteoidh cur i gcrích na réamhoibreacha go gcuirfear tús níos tapa leis an gcéim tógála nuair a bheidh an conradh bronnta. Tá sé beartaithe tús a chur le conradh na bpríomhoibreacha i mí Lúnasa 2022 a mheastar a mhairfidh tréimhse 12 mhí agus cuirfear tuilleadh comhairliúcháin i gcrích leis an bpobal maidir leis na hoibreacha sin in am trátha.

I ndiaidh dul i gcomhairle le Comhairleoirí áitiúla, Comhairle Pobail Bhaile Brigín, Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín, agus páirtithe leasmhara eile, d’athbhreithnigh Comhairle Contae Fhine Gall a plean réamhoibreacha. Comhaontaíodh go gcuirfear 304 crann nua agus fál sceach breise feadh agus taobh leis an mbealach mar bhealach chun cúiteamh don 130 crann a bhainfear ionas gur féidir lánaí rothar nua a thógáil.

 

Harry Reynolds Road Map

Ceannscríbhinn: Bainfear crainn feadh an bhealaigh atá aibhsithe buí san íomhá seo ionas gur féidir lánaí rothar nua a thógáil.

Projected Timeline Harry Reynolds Road

Amlíne reatha an Bhealaigh Coisithe agus an Rotharbhealaigh ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill.

I rith chéim na réamhoibreacha, tá 174 crann agus fál sceach nua á gcur in áiteanna éagsúla feadh an bhealaigh lena n-áirítear Coirnéal Carson ag crosbhealach an R132 ag an taobh ó dheas den bhealach, Maigh Lárach agus Gort na Fuinseoige. Cuirfear na crainn eile feadh na lánaí rothar nua i rith na príomhchéime tógála.

Éascóidh na lánaí rothar seo taisteal go sábháilte ar rothair agus ar scútair chuig scoileanna, siopaí agus gnóthaí sa cheantar áitiúil.

Tá sceideal iomlán de na hoibreacha atá beartaithe mar chuid den tionscadal Ár mBaile Brigín le fáil ag https://balbriggan.ie/wp-content/uploads/2021/10/Whats-Next-leaflet-2021.pdf