Féachann Fine Gall le costais fuinnimh bhliantúla a shábháil agus astaíochtaí carbóin a laghdú

Fingal County Council has taken another positive step in its efforts to reduce its energy consumption by engaging an energy services company to deliver significant energy efficiency upgrades for the Civic Offices in Blanchardstown and County Hall in Swords.

Tá céim dhearfach eile glactha ag Comhairle Contae Fhine Gall ina hiarrachtaí tomhaltas fuinnimh a laghdú trí chomhlacht seirbhísí fuinnimh a fhostú chun uasghráduithe suntasacha éifeachtúlachta fuinnimh a sholáthar do na hOifigí Cathartha i mBaile Bhlainséir agus Halla an Chontae i Sord.

Bronnadh conradh €1 milliún ar Lawler Sustainability, a bhfuil foireann ildisciplíneach de Sheirbhísí Foirgníochta ardcháilithe agus Innealtóirí Fuinnimh Ghlais aige, chun sraith beart éifeachtúlachta fuinnimh a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil.

I measc na bpríomhbheart don dá fhoirgneamh tá suiteáil córas gréine fótavoltach (PV) agus uasghráduithe iomlán ar na córais soilsithe, coire, láimhseála aeir agus bainistíochta foirgneamh.  

Cruthóidh an conradh, atá ar feadh tréimhse naoi mbliana, coigilteas fuinnimh iomlán de  1.3GWhs in aghaidh na bliana, arb ionann é agus 37% den tomhaltas fuinnimh iomlán faoi láthair.

Tá laghduithe fuinnimh de 39% seachadta ag Fine Gall cheana féin, ag sárú a sprioc tosaigh chun tomhaltas fuinnimh a laghdú de 33% sna deich mbliana go dtí 2020. Mar thoradh air seo, d’éirigh leo Deimhniú Bainistíochta Fuinnimh ISO50001 a bhaint amach dá córais bhainistíochta fuinnimh. Tá sé de chúram ag an gComhairle anois, faoina bPlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide, a leibhéil tomhaltais fuinnimh i 2009 a laghdú faoi 50% faoi 2030.

Tá an conradh seo ar cheann de cheithre chonradh feidhmíochta fuinnimh den chineál céanna a d’éascaigh Codema, Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, thar ceann Údaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath le cúig bliana anuas.

Dúirt Leas-Mhéara Fhine Gall, An Comhairleoir Daniel Whooley: “Beidh ról tábhachtach ag an tionscadal seo maidir leis na spriocanna éifeachtúlachta aeráide agus fuinnimh a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta um Athrú Aeráide Chomhairle Contae Fhine Gall 2019 -2024 a bhaint amach. Feidhmeoidh sé mar eiseamláir do chomhlachtaí poiblí eile ar fud na hÉireann, chomh maith le gnóanna i bhFine Gall atá ag iarraidh a bheith níos inbhuanaithe.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is í seo an chéad chéim nádúrtha eile dúinn inár n-iarrachtaí an bealach a threorú i dtéarmaí Gníomhaíochta um Athrú Aeráide laistigh d’Fhine Gall. Le cabhair ó Codema, tá ár n-ídiú fuinnimh bainte amach againn go dtí 2020 cheana féin agus táimid dírithe go daingean ar ár sprioc 2030 a bhaint amach. Tá ról mór ag an bhfoireann ó Lawler Sustainability maidir le cabhrú linn laghduithe móra a bhaint amach in ídiú fuinnimh agus in astaíochtaí CO2 .”

Dúirt Daniel Ring, Stiúrthóir Bainistíochta Lawler Sustainability: “Tá taithí againn ar obair go rathúil le húdaráis áitiúla ar fheidhmíocht fuinnimh agus beimid ag cur i bhfeidhm samhail a bhfuil dea-theist air a uasmhéadaíonn an tionchar ar an gcomhshaol agus a ghineann coigilteas tráchtála ag an am céanna.”

Dúirt Joe Hayden, Innealtóir Feidhmiúcháin Sinsearach le Codema: “Tá ag éirí go han-mhaith le samhail an Chonartha Feidhmíochta Fuinnimh agus tá sé seanbhunaithe i dtíortha mar an Ghearmáin, an Ostair agus Poblacht na Seice, mar sin is iontach an rud é a fheiceáil ag leanúint ar aghaidh leis an mbonn atá déanta acu in Éirinn a neartú.  Ní hamháin go dtugann Conarthaí Feidhmíochta Fuinnimh slándáil coigiltis fuinnimh ráthaithe don Chomhairle, ach sábhálann sé freisin an costas a bhaineann leis na huasghráduithe sin a chothabháil thar shaolré an chonartha.”

annual energy costs and reduce carbon emissions