Tionscadail Fhine Gall ar an nGearrliosta do Ghradaim Náisiúnta

Cuireadh cúig thionscadal déag de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do ghradaim náisiúnta a bhfuil ardmheas orthu.

LAMA2021

Cuireadh cúig thionscadal déag de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta do ghradaim náisiúnta a bhfuil ardmheas orthu.

Ainmníodh deich dtionscadal agus tionscnamh de chuid Fhine Gall san iomlán ar fud naoi gcatagóir do Ghradaim LAMA na bliana seo.

Is deis atá sna Dámhachtainí Pobail agus Comhairle Uile Éireann, a chuirtear i láthair ag LAMA agus a fhaigheann urraíocht ó IPB Insurance, chun aird a tharraingt ar an obair atá ag dul ar aghaidh i bpobail na tíre agus chun í sin a chur chun cinn. Is í seo an 15ú bliain de na dámhachtainí, atá ag cur comhoibriú ar éirigh go maith leis idir pobail agus comhairlí i láthair go seasta thar na blianta agus a chuir ardán ar fáil chun aitheantas a thabhairt do laochra neamhaitheanta.

Sa bhliain 2020, ainmníodh deich dtionscadal a threoraigh Comhairle Contae Fhine Gall in ocht gcatagóir freisin, le Seirbhís Iompair Inbhuanaithe Aoisbháúil 'Carr an Phobail' i bhFine Gall ag tabhairt an lá léi as an 'Tionscnamh Pobalbhunaithe is Fearr'.

Is iad na hainmniúcháin do ghradaim na bliana seo:

  • Bainistiú Eastát Bhaile an Fhaoitigh - Tionscnaimh Comhshaoil an Phobail

in Tionscadal nó Tionscnamh Comhshaoil nó Éiceolaíochta is Fearr

  • Stáisiún Líonta Buidéal gan Tadhall agus Treochlár Chomhairle Contae Fhine Gall maidir le Wi-Fi Poiblí

in Comhshaothar is Fearr idir Gnólacht agus an Pobal

  • Glan Suas!

in Clár Bainistithe Dramhaíola is Fearr

  • Wi-Fi Saor in Aisce Lasmuigh

in An Chomhairle is Fearr Ceangailte

  • Páirc na Mílaoise

in Páirc Phoiblí is Fearr

  • Stáisiúin Aimsire do Scoileanna

in Athrú Aeráide in Tionscnamh Oideachais/Traenála is Fearr

  • Stáisiúin Aimsire do Scoileanna

in Athrú Aeráide in Clár Pobail CSR is Fearr

  • Tionscadal Caomhnaithe Chaisleán Shoird

in Tionscadal Oidhreachta is Fearr

  • Féile Staire Fhine Gall

in Ealaíona/Cultúr (lena n-áirítear féilte & imeachtaí)

Beidh searmanas na ndámhachtainí ar siúl ar an 27 Samhain in Óstán an Crowne Plaza, Aerfort Bhaile Átha Cliath, áit a mbeidh láithreoir RTÉ Marty Morrissey ina fhear an tí.

Tá ainmniúcháin faighte ag tionscadail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcúig cinn de na 16 catagóir sna Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil 2021 le Comhlachas Tráchtála na hÉireann chomh maith.

Níor cuireadh ach 90 tionscadal ó 20 comhairle ar an ngearrliosta. Beidh an searmanas gradam ar siúl Déardaoin, an 18 Samhain.

Is iad seo a leanas na cúig chatagóir ina bhfuaireamar ainmniúchán:   

· Ag Réiteach don Traenáil in Ag Tacú le Pobail Inbhuanaithe

· Podchraoladh 'Laistigh d'Fhine Gall' in Nuálaíocht Údaráis Áitiúil

· Ag Sárú Bacainní Ama, Ealaíontóir Aoife Dunne in Na hEalaíona a Chothú

· Tionscadal Caomhnaithe Chaisleán Shoird in Timpeallacht Oidhreachta agus Thógtha

· Digifit do Chách in Soláthar Seirbhísí do Daoine faoi Mhíchumas

Bhuaigh Comhairle Contae Fhine Gall an Gradam sa chatagóir Ag Tacú le Pobail Inbhuanaithe anuraidh as an Láithreán Gréasáin Ceannaigh go hÁitiúil.

Is éard a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, maidir leis na hainmniúcháin: “Déanaim comhghairdeas le gach duine a phleanáil na tionscadail fíorspéisiúla agus nuálaíocha seo, a chabhraigh leo agus a d'oibrigh gan stad gan staonadh orthu lena gcur i bhfeidhm a chinntiú. Is mór againn gearrliostú na dtionscadal a threoraigh Comhairle Contae Fhine Gall ag LAMA agus Comhlachas Tráchtála na hÉireann i mbliana go háirithe mar gheall ar na cúinsí fíordhúshlánacha a tháinig chun cinn de dheasca phaindéim Covid-19 ar na mallaibh. Is comhartha ómóis iad na hainmniúcháin seo do shár-thiomantas agus dúthracht na comhairle agus an obair leanúnach a dhéanann sí thar ceann na bpobal a bhfreastalaímid orthu. Guím gach rath ar na tionscadail, go n-éirí go geal leo ag an dá searmanas gradam an mhí seo chugainn.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá an-áthas orm gur tugadh aitheantas don mhéid sin tionscnamh agus tionscadal de chuid Fhine Gall as an nuálaíocht agus an barr feabhais a bhaineann leo trí áit a bhaint amach ar ghearrliosta na ngradam mór le rá seo. Léiriú ar an obair mhór a rinne an chomhairle i gcomhar le pobail áitiúla Fhine Gall is iad na hainmniúcháin a fuaireamar i roinnt catagóirí sna Dámhachtainí Pobail agus Comhairle Uile Éireann agus sna Gradaim Barr Feabhais i Rialtas Áitiúil 2021 le Comhlachas Tráchtála na hÉireann araon. Go n-éirí an t-ádh le hiarrthóirí uile Fhine Gall le gradaim na bliana seo, agus tá súil agam go mbeimid in ann cur leis an rath a bhí againn i mblianta roimhe seo.”

 

 

Excellence in Local Government Awards