Cumann Gailf Chill Fhionntain (Sutton Golf Club) Tá Cumann Gailf Chill Fhionntain sásta a mhaíomh go bhfuil áit faoi leith ag an gcumann agus ag an gcúrsa i gcúrsaí gailf in Éirinn.
St. Margaret’s Golf & Country Club Galfchúrsa craoibhe 18 bpoll a bhfuil cliú air go hidirnáisiúnta is ea St. Margaret’s, deartha ag na hailtirí mór le rá Tom Craddock agus Pat Ruddy.
Roganstown Golf & Country Club Cúrsa craoibhe 18 bpoll mór le rá lonnaithe ar shuíomh pictiúrtha i dTuaisceart Átha Cliath. Galfchúrsa dúshlánach álainn is ea Roganstown, deartha go cúramach ag laoch an Ryder Cup Christy O’Connor Jnr.
Cumann Gailf an Rois (Rush Golf Club) Dumhcha traidisiúnta áille ar Par 70. Tugtar cúram ar an gcaighdeán is airde don chúrsa seo, agus tá gach gné agus dúshlán a bhaineann le galf dumhcha le feiceáil ann.
Cumann Gailf na Sceirí (Skerries Golf Club) Bunaithe sa bhliain 1905, tá cúrsa gailf páirce 18 bpoll ag Cumann Gailf na Sceirí suite i mBaile an Haicéadaigh ar imeall bhaile na Sceirí.
Cumann Gailf Mhullach Íde (Malahide Golf Club) Cúrsa craoibhe páirce is ea Cumann Gailf Mhullach Íde. Tá an cúrsa 27 bpoll leagtha amach thar 180 acra de pháirceanna faoi chrainn lánfhásta.
Luttrellstown Castle Golf & Country Club Lonnaithe ar eastát príobháideach 567-acra a bhfuil balla thart air, galfchúrsa craoibhe déanta suas de 7,347 slat d’fhearann páirce lánaibí atá cuartha go nádúrtha, bunceir ar an stíl dumhcha, guaiseacha uisce agus clubtheach den chéad scoth is ea Luttrellstown Castle Golf & Country Club.
Iarratais don Deontas Atosaithe Breise Oscailte anois Tá Comhairle Contae Fhine Gall anois ag glacadh le hiarratais ar an Deontas Atosaithe Breise a sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD inniu.
Casann an Chomhairle le páirtithe leasmhara chun cuntas a thabhairt ar Chrios Teorannaithe do Choisithe ar an tSráid Nua i Mullach Íde Amach Anseo Chas oifigigh Chomhairle Contae Fhine Gall le páirtithe leasmhara i Mullach Íde, áit ar thug siad cuntas ar phlean nua amach anseo don Chrios Teorannaithe do Choisithe ar an tSráid Nua i ndiaidh gur cuireadh tionscnamh píolótach i bhfeidhm go rathúil le roinnt míonna anuas.
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile maidir le WiFi poiblí taobh amuigh a sheachadadh i mbailte agus i sráidbhailte Fhine Gall Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Comhlachas Tráchtála Fhine Gall Bhaile Átha Cliath agus Magnet Networks, ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile maidir le WiFi poiblí taobh amuigh atá saor in aisce a sheachadadh i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae sna míonna atá romhainn.