Cumann Gailf na Sceirí (Skerries Golf Club)

Skerries Golf1

Bunaithe sa bhliain 1905, tá cúrsa gailf páirce 18 bpoll ag Cumann Gailf na Sceirí suite i mBaile an Haicéadaigh ar imeall bhaile na Sceirí.

Tá Par 73 ann do na fir agus Par 74 do na mná, agus tá an cúrsa féin 6116 m agus 5284 m i bhfad faoi seach ó na plásóga tíála. Iomráiteach dá phoill thosacha dhushlánacha agus achar deireanach, dá thalamh droimneach agus plásóga tapa, tá go leor crainn éagsúla lánfhásta ar an gcúrsa a gcuireann leis an dúshlán agus a dtugann uathúlacht iontach do gach poll.
Tá radharc dochreidte ó bharr an chúrsa chomh fada le Beann Boirche ar lá geal - cuireann seo le mealltacht na háite agus tugann sé faoiseamh don ghalfaire tar éis dhúshlán an chéad cúpla poll a shárú.
Osclaíodh an cúrsa le 9 bpoll i dtosach sa bhliain 1906, agus tá sé tar éis dul faoi go leor athruithe agus uasghrádaithe le himeacht na mblianta, agus leathnaíodh go cúrsa 18 bpoll é sa bhliain 1971 faoi stiúir an ailtire cháiliúil Éireannaigh Eddie Hackett.

SONRAÍ AN CHÚRSA

Cineál Cúrsa                         Fearann páirce

Líon na bPoll                        18

Par                                          73

Fad an Chúrsa                     6116 m

Saoráidí an Chumainn       Láthair cleachtaidh, láthair gearr-imeartha, plásóg amais agus eangacha agus láthair réamhaclaíochta

Gairmí an Chumainn         Bobby Kinsella

Teagasc ar Fáil                     Tá

Siopa ar Fáil                         Tá

Suíomh                                  Lasmuigh de Bhaile na Sceirí

Cuairteoirí                            Yes

 

https://www.facebook.com/SkerriesGolfClub/

https://twitter.com/skerriesgc?lang=en