Casann an Chomhairle le páirtithe leasmhara chun cuntas a thabhairt ar Chrios Teorannaithe do Choisithe ar an tSráid Nua i Mullach Íde Amach Anseo

Chas oifigigh Chomhairle Contae Fhine Gall le páirtithe leasmhara i Mullach Íde, áit ar thug siad cuntas ar phlean nua amach anseo don Chrios Teorannaithe do Choisithe ar an tSráid Nua i ndiaidh gur cuireadh tionscnamh píolótach i bhfeidhm go rathúil le roinnt míonna anuas.

 

Bhí comhairleoirí ó thoghcheantar Bhinn Éadair/Mhullach Íde i láthair, anuas ar ionadaithe ó Chumann Tráchtála Mhullach Íde, Fóram Pobail Mhullach Íde, Bailte Slachtmhara Mhullach Íde, Gasóga Mara Mhullach Íde, Muiríne Mhullach Íde, Shop Malahide agus cónaitheoirí ón tSráid Nua agus ón tSeansráid.

Comhaontaíodh ag an gcruinniú chun leanúint leis an tSráid Nua a theorannú do choisithe go dtí deireadh Mheán Fómhair i ndiaidh aiseolas a fháil ó pháirtithe leasmhara agus ón bpobal i gcoitinne.

Leasófar an scéim ansin chun córas sealadach tráchta aontreo a sholáthar ón Diamant go dtí an Fhaiche/Muiríne Mhullach Íde, a thiocfaidh i bhfeidhm i nDeireadh Fómhair. Ceadóidh seo úsáid leanúnach a bhaint as spás poiblí na sráide do choisithe, rothaithe agus cuirfidh sé spás breise miondíola ar fáil ar an tsráid do ghnólachtaí agus dá gcustaiméirí le húsáid a bhaint as. Déanfar crios iomlán do choisithe den tsráid arís eile ansin idir an tEarrach agus an Fómhar.

Gheall oifigigh na Comhairle freisin chun próiseas comhairliúcháin a chur ar bun in 2021 faoi cibé acu ab fhearr nó nárbh fhearr leis an bpobal áitiúil teorannú buan do choisithe nó an córas aontreo leasaithe.

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh anois leis an scéim leasaithe aontreo a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.

Cuireadh an Crios Teorannaithe do Choisithe ar an tSráid Nua i bhfeidhm mar chuid den tionscnamh Walk Bike Fingal, a bhfuil de chuspóir aige scaradh sóisialta a spreagadh agus a éascú i measc saoránach atá ag tabhairt faoina ngnó laethúil.

Cuireadh i gcuntas i sonraí faoin líon daoine ar an tsráid ó thréimhse ceithre seachtaine a thosaigh i lár mhí Iúil gur bhain 76,000 coisí úsáid as an tsráid. Taispeánadh san anailís a rinne an tionscnamh píolótach gur tháinig feabhsúcháin mhóra ar an sruth tráchta tríd an Diamant, trácht laghdaithe a bhí ag taisteal i dtreo an Diamaint, agus feabhsúcháin ar an timpeallacht dá bharr, chomh maith le méideanna ísle tráchta ar an ngréasán bóithre mórthimpeall.

Cuireann teorannú na Sráide Nua do choisithe croílár ar fáil i Sráidbhaile Mhullach Íde agus cruthaíonn sé tairbhe mhór do mhuintir an tsráidbhaile agus iad ag tabhairt faoina ngnó laethúil, agus cuireann sé spás ar fáil do dhaoine chun brabhsáil, siopadóireacht a dhéanamh agus am a chaitheamh leis an teaghlach in atmaisféar réchúiseach agus socair agus iad ag cloí le riachtanais FSS maidir le scaradh sóisialta ag an am céanna.