Iarratais don Deontas Atosaithe Breise Oscailte anois

Cosúil leis an Scéim Deontais Atosaithe, a dúnadh d’iarratais an 22 Iúil, cuideoidh an Deontas Atosaithe Breise le gnóthaí na costais a bhaineann le hathoscailt tar éis dhianghlasáil Covid-19 a chlúdach. Is cuid de phacáiste Spreagtha an Rialtais do mhí Iúil é agus beidh sé ar fáil do ghnóthaí a bhfuil suas le 250 fostaí acu chomh maith le siopaí carthanais, Leaba agus Bricfeasta inrátaithe agus clubanna spóirt.

Breisithe ar fáil d’fhaighteoirí an Deontais Atosaithe

 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall anois ag glacadh le hiarratais ar an Deontas Atosaithe Breise a sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD inniu.

 

Cosúil leis an Scéim Deontais Atosaithe, a dúnadh d’iarratais an 22 Iúil, cuideoidh an Deontas Atosaithe Breise le gnóthaí na costais a bhaineann le hathoscailt tar éis dhianghlasáil Covid-19 a chlúdach. Is cuid de phacáiste Spreagtha an Rialtais do mhí Iúil é agus beidh sé ar fáil do ghnóthaí a bhfuil suas le 250 fostaí acu chomh maith le siopaí carthanais, Leaba agus Bricfeasta inrátaithe agus clubanna spóirt.

 

Tá méadú tagtha ar an deontas uasta faoin Deontas Atosaithe Breise, i gcomparáid leis an Deontas Atosaithe bunaidh, ó €10,000 go dtí €25,000 agus tá an deontas íosta athraithe ó €2,000 go €4,000.

 

Ní gá do ghnóthaí a fuair maoiniú cheana faoin Deontas Atosaithe iarratas a dhéanamh arís faoin Scéim Deontais Atosaithe Bhreise. Rachaidh Comhairle Contae Fhine Gall i dteagmháil le gnóthaí a rinne iarratas cheana agus/nó a fuair íocaíocht faoin Scéim Deontais Atosaithe bhunaidh sna seachtainí amach romhainn agus iarrfar orthu foirm dhearbhaithe a chomhlánú. Nuair a sheolfar an fhoirm dhearbhaithe ar ais, próiseálfar an íocaíocht bhreise.

 

Is féidir le gnóthaí incháilithe iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe Breise tríd an tairseach ar líne ag https://fingalrestart.submit.com/show/107 agus tá sonraí na scéime ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall. An 31 Deireadh Fómhair an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

 

Pointe tábhachtach le tabhairt ar aird ná go bhfuil an Deontas Atosaithe Breise ar fáil do ghnóthaí a bhfuil láimhdeachas suas le €25m acu agus a fhostaíonn 250 duine nó níos lú, a dúnadh nó a raibh tionchar ag caillteanas de 25% ar a laghad orthu in ioncam ón 1 Aibreán, 2020 go dtí an 30 Meitheamh, 2020. Is ranníocaíocht atá sa deontas i dtreo an chostais a bhaineann le gnó a athoscailt nó a choinneáil ag feidhmiú agus nasc a dhéanamh in athuair le fostaithe agus le custaiméirí. Tá an láimhdeachas a ceadaíodh ardaithe ó €5m go dtí €25m ach tá teorainn de láimhdeachas €100,000 in aghaidh an fhostaí.

 

Faoin Scéim bhunaidh, d’íoc Comhairle Contae Fhine Gall níos mó ná €6.7m ó mhí na Bealtaine le níos mó ná 1,300 gnó ar fud Fhine Gall.

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: "Tá ríméad orm gur tugadh isteach an Scéim Deontais Atosaithe Bhreise mar go mbeidh ról lárnach ag na deontais atá ar fáil chun cabhrú le gnóthaí trádáil a atosú le linn na tréimhse deacra eacnamaíochta seo. Mholfainn do gach gnó incháilithe a n-iarratais a dhéanamh agus leas a bhaint as an scéim cúnaimh deontais thábhachtach seo."

 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Bhí Comhairle Contae Fhine Gall chun tosaigh maidir le tacaíocht a thabhairt do gnóthaí áitiúla agus don gheilleagar agus tá an Scéim Deontais Atosaithe mar ghné thábhachtach amháin den obair sin. Cuideoidh an Scéim Deontais Atosaithe Bhreise leathnaithe, mar aon le bearta eile a fógraíodh i Scéim Spreagtha Mhí Iúil, mar an Scéim um Tharscaoileadh Rátaí €600m, lenár ngnóthaí téarnamh agus oibreoidh ár bhfoireann go crua chun na deontais a íoc a luaithe is féidir."

 

Tá liosta iomlán de na Ceisteanna Coitianta nuashonraithe ar fáil ag fingal.ie/business.