Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile maidir le WiFi poiblí taobh amuigh a sheachadadh i mbailte agus i sráidbhailte Fhine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Comhlachas Tráchtála Fhine Gall Bhaile Átha Cliath agus Magnet Networks, ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile maidir le WiFi poiblí taobh amuigh atá saor in aisce a sheachadadh i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an chontae sna míonna atá romhainn.

Suiteálfar 48 ball te san iomlán i 13 suíomh ar fud Fhine Gall agus beidh an  obair ullmhúcháin ag bogadh ar aghaidh an tseachtain seo.

Beidh baill foirne ó Chomhairle Contae Fhine Gall, mar aon le hionadaithe ó Chomhlachas Tráchtála Fhine Gall Bhaile Átha Cliath agus Magnet Networks, ag thabhairt cuairte an tseachtain seo ar ghnólachtaí áitiúla chun pointí rochtana oiriúnacha a aithint rud a éascóidh an tseirbhís phoiblí Wi-Fi. Ní mór na pointí rochtana a shuiteáil taobh amuigh de gach áitreabh agus beidh raon de 150m acu taobh amuigh. Ní leathnóidh sé isteach san áitreabh gnó agus ní chuirfidh sé isteach ar leathanbhanda na gnólachta féin.

Seo sceideal na gcuairteanna:

Dé Céadaoin, Meán Fómhair 2: Sord – 10am to 11am agus Mullach íde – 11am go dtí 12 meán lae.

Déardaoin, Meán Fómhair 3: na Sceirí ó 10am go 11 agus an Ros 11am go dtí 12 meán lae.                       

Dé hAoine, Meán Fómhair 4:  Binn Éadair – 10am to 11am agus Port Mearnóg – 11am go dtí 12 meán lae.                       

Monday, Meán Fómhair 7: Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir– 10am go dtí 11am agus Lár Bhaile Bhlainséir  – 11am go dtí 12 meán lae.                       

Ansin bogfaidh an fhoireann ar aghaidh go dtí na ceantair eile – Lusca, Domhnach Bat, Seantrabh, Caisleán Cnucha agus Cluain Saileach.

Tá an tionscnamh á rith le tacaíocht ón scéim dearbháin WIFI4EU a bhfuil sí mar aidhm aici rochtain idirlín ardchaighdeáin a sholáthar thar an AE do shaonánaigh agus do chuairteoirí trí bhaill te WiFi saor in aisce i spásanna poiblí ar nós lár bailte agus sráidbhailte, páirceanna agus spásanna cathartha.

Bronnadh an conradh ar Magnet Networks chun na pointí rochtana a shuiteáil i bhFine Gall.

Dúirt Méara Fine Gall, an Clr David Healy: “Nuair a thabharfar isteach an tseirbhís seo, cuirfear le dea-cháil Fhine Gall mar thírdhreach uirbeach agus tuaithe atá forásach agus cuimsitheach go digiteach, a chuireann chun cinn an rochtain ar sheirbhísí ar líne agus ar eolas ar fud an Chontae. Iarraim ar ghnólachtaí áitiúla tacú leis an tionscamh seo mar rachaidh an wifi poiblí atá saor in aisce go mór chun sochair dár mbailte agus dár sráidbhailte.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’infreastruchtúr agus seirbhísí digiteacha an Chontae a fhorbairt agus a fheabhsú. Beidh an rochtain ar Wifi poiblí saor in aisce i lár ár bpríomhbhailte agus inár sráidbhailte ina sócmhainn mhór dár n-áitritheoirí, dár gcuairteoirí agus dár ngnólachtaí. Is cuid de Straitéis Dhigiteach de chuid na Comhairle é go mbeidh rochtain ar Wifi poiblí saor in aisce, agus tá áthas orm a fheiceáil go bhfuilimid ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile maidir leis an tseirbhís seo a rolladh amach.”

Dúirt Bainisteoir na Straitéise Digiteach Aishling Hyland: “Baineadh triail as an wifi poiblí saor in aisce i mBaile Brigín agus d’éirigh go han-mhaith leis, agus táimid ag tnúth le bogadh ar aghaidh leis na 13 ceantar a roghnaíodh ar fud Fhine Gall. Fuair Comhairle Contae Fhine Gall cistiú faoin ngairm ar chistiú WiFi4EU le déanaí, agus rinne an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail é seo a mheaitseáil.

“Is rud ríthábhachtach anois é an Wi-Fi poiblí maidir le cúrsaí miondíola agus turasóireachta atá á dtairiscint i lár an bhaile, agus feictear go bhfuil ár líonraí aonair ina n-eiseamláirí de conas is féidir é seo a chur i bhfeidhm ar fud na tíre,” a dúirt Stiúrthóir Díolachán Magnet Networks, Philip Clapperton. 

“Mar shampla, logáil os cionn 250,000 duine isteach inár líonra i nGaillimh ó suiteáladh é. Is féidir leis an líonra faisnéis fíorthábhachtach a sholáthar freisin don údarás áitiúil i dtaca le trácht choisí trí úsáid a bhaint as learscáileanna teasa suíomhacha.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhlachas Fhine Gall, Anthony Cooney: “Sa ré digitithe seo, déanfaidh an wifi saor in aisce i spásanna poiblí leas do shaoránaigh, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí ar fud Fhine Gall.

Tacaíonn an Comhlachas leis an tionscanamh seo mar cuirfidh sé ar chumas níos mó daoine inár mbailte dul ar líne saor in aisce agus d’fhéadfaidís teacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí in aice láimhe.

Táimid ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun an suíomh optamach a aimsiú do na baill te agus táimid ag tnúth le labhairt le gnólachtaí faoi conas is féidir linn an deis iontach seo a uasmhéadú.”

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Bainisteoir na Straitéise Digiteach de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, Aishling Hyland, trí ríomhphost ag  [email protected]  nó Bainisteoir Ballraíochta Chomhlachas Fhine Gall, Shay Burke ag 01 890 0977.