Cumann Gailf Chill Fhionntain (Sutton Golf Club)

Sutton GC

Tá Cumann Gailf Chill Fhionntain sásta a mhaíomh go bhfuil áit faoi leith ag an gcumann agus ag an gcúrsa i gcúrsaí gailf in Éirinn.  Ní bheag an maíomh é sin, ach tá baill an chumainn breá muiníneach go bhfuil sé fíor. Deirtear gurb é seo an cumann naoi bpoll is cáiliúla in Éirinn agus tá clú air fud fad an domhain gailf. Ba as an gcumann seo a tháinig Joe Carr, nach maireann, a bhí ina Sheaimpín ar an Amateur Open 3 huaire, ina Imreoir sa Walker Cup 11 uair agus ina iar-Chaptaen ar an R&A.

 

SONRAÍ AN CHÚRSA

Cineál Cúrsa                                    Cúrsa Dumhcha

Líon na bPoll                                    9

Par                                                   70

Fad an Chúrsa                                 5318 m

Gairmí an Chumainn                     Paddy Devine

Teagasc ar Fáil                                 Tá

Siopa ar Fáil                                     Tá

Seirbhísí le Fáil ar Cíos                  Tralaithe agus bugaithe

Suíomh                                            100 m ó Chrois Chill Fhionntain agus Stáisiún Dart Chill Fhionntain.

 

https://www.facebook.com/suttongolf