Trá Bhaile Brigín – Faisnéis maidir le Fógra Comhairleach um Gach Séasúr i bhfeidhm in 2021
Is fógra sealadach sláinte poiblí é seo lena dtugtar comhairle don phobal faoin riosca féideartha breoiteachta mar gheall ar an rátáil aicmithe ‘Droch-Chaighdeán’ ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). Bhí an measúnú seo bunaithe ar na ceithre bliana dheireanacha de shonraí maidir le cáilíocht uisce snámha (2017-2020) agus níl baint aige le teagmhas truaillithe uisce snámha reatha. Ní cosc ar snámh ná dúnadh na trá é.