Ainmniúcháin á lorg le haghaidh Ghradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige

Déanann Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige ceiliúradh ar dhaoine óga atá idir 13 agus 21 bliain d’aois, trí aitheantas a thabhairt don dea-obair atá á déanamh acu ina bpobail.

Tá ainmniúcháin á lorg anois le haghaidh Ghradaim 2021 ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí i Rannán RCBÁC Thuaidh a gcuimsítear ann na Ceantair seo a leanas - Baile Munna, An Chúlóg, Ráth Eanaigh agus Baile Brigín. Cuimsítear cuid mhór d’Fhine Gall i RCBÁC Thuaidh mar aon le ceantar Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath.

Is féidir Foirmeacha Ainmniúcháin a fháil ó Stáisiúin Áitiúla an Gharda Síochána nó trí ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]  . Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil anseo freisin

Seo a leanas Catagóirí na nGradam:

  • Gradam do Dhuine Aonair
  • Gradam do Ghrúpa
  • Gradam Gaisce
  • Gradam um Shábháilteacht Phobail

Ní mór Foirmeacha Iarratais a sheoladh chuig  [email protected]  faoin 25 Meitheamh. Is féidir le haon bhall den phobal aon duine a ainmniú a shíleann siad a bhfuil gradam tuillte aige agus is féidir le daoine muinteartha nó le gaolta ainmniúcháin a dhéanamh.

Tá na Gradaim dírithe ar dhaoine óga atá idir 13 agus 21 bliain d’aois ar an 25 Meitheamh, 2021 agus ní mór go mbeadh buanáit chónaithe an duine óig i Rannán an Gharda Síochána ina bhfuil sé ainmnithe, RCBÁC Thuaidh sa chás seo. Tá na gradaim dírithe ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí de bheirt daoine nó níos mó agus tá cinneadh an mholtóra críochnaitheach.

Déanfaidh an Painéal Moltóireachta cinneadh maidir le hainmní amháin i ngach catagóir a dhéanfaidh ionadaíocht ar Rannán RCBÁC Thuaidh ag Gradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige. Cuirfear sonraí na n-ainmnithe ar fáil do Phainéal Moltóireachta Ghradaim an Gharda Síochána d’Éachtaí Óige. Beidh suas le seisear comhaltaí páirteach sa Phainéal Moltóireachta, a bheidh faoi chathaoirleacht comhalta de An Garda Síochána atá ag obair ag Céim an Chigire, ar a laghad.

Tá breis faisnéise agus rialacha chomórtas na nGradam le fáil anseo.