Aighneacht a Dhéanamh-Ghlasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga

Have your Say graphic

Is é cuspóir na céime seo den chomhairliúchán poiblí ná an pobal a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar Ghlasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga agus aiseolas a fháil ar an rogha bealaigh a sainaithníodh.

Tá súil againn léargas a fháil ar an eispéireas áitiúil a chabhróidh linn riachtanais agus ábhair imní an phobail áitiúil a shainaithint agus a thuiscint. Agus an bealach is dealraithí a roghnófar á chur i láthair ba mhaith linn aird a tharraingt ar na buntáistí agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an scéim atá beartaithe.

Conas is féidir liom aighneacht a dhéanamh?

Mar gheall ar na srianta paindéime agus sláinte poiblí Covid-19 ar chruinnithe, nílimid in ann imeacht comhairliúcháin phoiblí traidisiúnta, pearsanta a reáchtáil le linn na céime seo den chomhairliúchán poiblí. Mar sin féin, tá d’aiseolas ar an scéim fós an-tábhachtach dúinn. Molaimid duit páirt a ghlacadh sa phróiseas ionas gur féidir leat cabhrú linn Glasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga a iompú go seod de líonra na nglasbhealaí in Éirinn a shaibhreoidh saol na gcónaitheoirí agus na gcuairteoirí araon.

Is féidir aighneachtaí ar Ghlasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga a dhéanamh ón 25 Bealtaine 2021, ar líne trínár dtairseach https://consult.fingal.ie/en/consultation/

leis an bpost chuig an Oifigeach Sinsearach Feidhmiúcháin, an Rannóg Phleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2.  Sainaithin go soiléir aon aighneacht poist leis an teideal “Bealach Cósta Fhine Gall”.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le gach aighneacht ná 23.59 an 7 Iúil 2021. Ní ghlacfar le haighneachtaí tar éis 23.59 ar an tairseach.

Foilseofar aighneachtaí ar an tairseach comhairliúcháin lena n-áirítear ainmneacha agus suíomhanna (ní seoltaí iomlána) na ndaoine a dhéanann an aighneacht.  Ba chóir go mbeadh d’ainm nó ainm na heagraíochta a ndéanann tú ionadaíocht air agus sonraí teagmhála (ní fhoilseofar sonraí teagmhála pearsanta) i ngach aighneacht. Is féidir sonraí faoi d’aighneacht lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a chuireann isteach é a roinnt le Ranna Comhairle ábhartha agus le gníomhairí atá ag obair ar a son.