Aoi-Ealaín ag Teach an Droichid Nua

Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall clár taispeántais nua a fhógairt a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le Teach an Droichid Nua, dar teideal Aoi.

Guest at Newbridge House

Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall clár taispeántais nua a fhógairt a forbraíodh i gcomhpháirtíocht le Teach an Droichid Nua, dar teideal Aoi.

Ag cur le heispéireas turais an tí, tabharfaidh Aoi cuireadh do choimeádaithe ealaíne comhaimseartha dul i dteagmháil lena bailiúcháin trí fhormáid taispeántais nua a bhfuil sé mar aidhm aige bealaí nua a thaispeáint don chuairteoir chun smaoineamh ar an méid a bhailítear anseo agus an áit atá ag ealaín agus ealaíontóirí an lae inniu laistigh dá stair chultúrtha.

Le haghaidh taispeántais tionscnaimh Aoi ag Teach an Droichid Nua choinnigh Marysia Wieckiewicz Carroll taispeántas dar teideal go cuí Breithniúcháin Nua de Ghnáthshuíomhanna, ina bhfuil 11 ealaíontóir baineann agus mionlach inscne lena n-áirítear Niamh McCann, Niamh O’Malley, Katie Watchorn, Ella de Burca, Eithne Jordan, Barbara Knezevic, Helen O’Leary, Liliane Puthod, Alice Rekab le Louise Meade agus Emma Wolf Haugh a mbeidh a gcuid oibre lonnaithe ar fud an tí agus a thabharfar beocht di i gcomhrá le foireann treorach shaineolach Theach an Droichid.

Thug Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy réamhrá don taispeántas ag an teach le Coimeádaí na mBailiúchán, Cathal Dowd Smith agus coimeádaí an taispeántais Marysia Wieckiewicz Carroll agus dúirt sé:  “Tá Fine Gall an-bhródúil as a maoin oidhreachta agus fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh agus spreagann siad aon deis iad a chur chun cinn agus a cheiliúradh mar chinn scríbe do chuairteoirí. Beidh cúiseanna agus deiseanna nua freisin ag pobail áitiúla a thagann go rialta chuig tailte Theach an Droichid Nua cuairt a thabhairt ar an teach a chaomhnaíonn tábhacht na mbailiúchán anseo do na glúnta atá le teacht”.

Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí Eacnamaíochta, Fiontraíochta, Turasóireachta agus Forbartha Cultúrtha: “Ligeann tionscnaimh mar Aoi agus tabhairt isteach ealaín agus ealaíontóirí nua chuig Teach an Droichid Nua dúinn an mhaoin álainn oidhreachta seo a cheiliúradh agus a chur chun cinn, ní hamháin do chuairteoirí nua ar an gcontae ach do lucht féachana áitiúil a d’fhéadfadh a bheith spreagtha chun cuairteanna arís agus arís eile a phleanáil le teaghlaigh agus le cairde tríd an eispéireas rannpháirtíochta spreagúil seo.”

Míníonn An Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Caroline Cowley: “Oibríonn ár gcéad choimeádaí Aoi, Marysia Wieckiewicz Carroll, mar chuid den fhoireann ag Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann agus is í stiúrthóir bunaitheach Dánlann Berlin Opticians áit a ndéanann sí ionadaíocht ar roinnt príomh-ealaíontóirí Éireannacha. Is céad rogha eisceachtúil í mar gheall ar an taithí atá aici ar chleachtais ealaíne stairiúla agus comhaimseartha agus a gcumas comhráite nua a spreagadh faoi bhailiúcháin”.

Tá Marysia tar éis machnamh a dhéanamh ar an tábhacht a bhí ag Lady Betty Cobbe don teach, bailitheoir díograiseach na n-earraí, pictiúir agus dealbha a thug áilleacht uathúil do Theach an Droichid Nua. An rud a fhoghlaimímid faoi aeistéitice na Bantiarna Betty ná a caidreamh le raon ceardaithe Éireannacha go háirithe ó Bhaile Átha Cliath a rinne seachadadh ar a son ar choimisiúin páipéar balla, obair phlástair, fabraicí agus a naisc le trádáil idirnáisiúnta ón am sin óna bhfuair sí poirceallán agus raon iomlán na n-ealaíon maisiúil ina ról mar chúramaí baile, a bhfuil tionchar cultúrtha acu nach féidir a mheas faoina luach sa lá atá inniu ann. Cuireann an taispeántas nua Breithniúcháin Nua de Ghnáthshuíomhanna scéalta nua i láthair faoi ról na mban sa sochaí agus an luach atá ag ealaín i naisc a dhéanamh idir an lá inniu ann agus an t-am atá thart.

Aoi ag Teach an Droichid Nua Breithniúcháin Nua de Ghnáthshuíomhanna, Coimeádaithe ag Marysia Wieckiewicz Carroll, agus le Niamh O’Malley, Katie Watchorn, Ella de Burca, Eithne Jordan, Barbara Knezevic, Niamh McCann, Helen O’Leary, Liliane Puthod, Alice Rekab le Louise Meade agus Emma Wolf Haugh. Beidh sé ar siúl ón 4ú Meitheamh – 19ú Meán Fómhair 2021. Tá cead isteach san áireamh i bpraghas an ticéid chuig Teach agus Feirm an Droichid Nua.

Guest at Newbridge House 1

Íomhánna:

Íomhá:  Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy , Coimeádaí Marysia Wieckiewicz Carroll, Cathal Dowd Smith, Coimeádaí na mBailiúchán, ag Teach an Droichid Nua, Caroline Cowley, An Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall.

Aoi ag Teach an Droichid Nua – Coimeádaí, New Considerations of Familiar Settings,Marysia Wieckiewicz-Carroll, le saothar ag Alice Rekab,Family Bodies, 2020,cruach,adhmad, plaistisín & ghrianghraif dhigiteacha  ag Sculpture Hall, teach an Droichid Nua.

 

Nótaí

Reáchtálfar Aoi gach bliain le coimeádaithe a thugann Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall cuireadh dóibh i gcomhpháirtíocht le Coimeádaí na mBailiúchán sa teach.

Déanfaidh an t-ealaíontóir Niamh O’Malley ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2022

Saothar leis an ealaíontóir Niamh McCann, ‘Not Tycho’s but Collin’s Nose.’ Is éard atá ann ná múnla cré-umha de Michael Collins a tógadh as busta dealbhóireachta atá lonnnaithe i nDánlann An Hugh Lane leis an dealbhóir Seamus Murphy ( 1949)

Coimeádaí neamhspleách agus scríbhneoir ealaíne isea Marysia Wieckiewicz-Carroll. Tá roinnt taispeántas agus tionsnamh eagraithe aici in Éirinn agus thar lear, lena n-áirítear, SleepwalkersProduction as Process i nDánlann An Hugh Lane i mBaile Átha Cliath, Otherwise – mar chuid den Fhéile Ealaíne Malartach ag Institiúid Ealaíne Wyspa, Gdansk, An Pholainn agus ∞ (Broken Mirrors) ag Dánlann NCAD, Baile Átha Cliath, Éire. D’oibrigh sí mar Choimeádaí Cúnta ag Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath An Hugh Lane agus bhí sí ar dhuine de chomh-eagarthóirí Paper Visual Art Journal idir 2014-2018. Is í Marysia stiúrthóir bunaitheach Dánlann Berlin Opticians – dánlann ealaíne comhaimseartha Bhaile Átha Cliath a fheidhmíonn ar líne agus i spásanna fisiciúla (www.berlinopticiansdublin.com). In éineacht le Nathan O'Donnell déanann sí comh-eagarthóireacht ar Numbered Editions – inphrionta nua d’ealaíontóirí ag obair ar fhoirmeacha éagsúla, le tacaíocht ó Dhámhachtain do Thionscadal Litríochta na Comhairle Ealaíon. Is faighteoir í Marysia de Dhámhachtain Sparánachta Amharcealaíona na Comhairle Ealaíon.