Sceideal an Tionscadal

Project Timeline Flowchart

 

Cad a tharla roimhe seo?

In 2018 cuireadh tús leis an bpróiseas seo trí shainchomhairleoirí a cheapadh chun taighde a dhéanamh ar an gceantar, srianta a mhapáil agus sonraí a bhailiú a d’úsáidfí chun an cruthú de roghanna bealaigh a threorú.

Go luath in 2019 foilsíodh na réamhshonraí seo, agus tugadh cuireadh don phobal ar dtús cur le forbairt na roghanna bealaigh. Le linn 2019 agus 2020 bhí Comhairle Contae Fhine Gall i mbun cruinnithe le páirtithe leasmhara chun castachtaí na mbealaí féideartha a thuiscint agus níos mó a fhoghlaim faoi ábhair imní agus thuairimí cónaitheoirí, ghrúpaí pobail agus gnóthaí sa cheantar. D’úsáideamar an fhaisnéis seo, mar aon leis na sonraí a bailíodh níos luaithe ar an láithreán, chun oibriú ar na roghanna bealaigh a bhí ag teacht chun cinn.

Cad atá ag tarlú anois?

Mar thoradh ar an tréimhse fhairsing taighde agus forbartha seo, chomh maith le Staidéar Srianta agus Staidéar Féidearthachta, tá áthas orainn anois an bealach is dealraithí a roghnófar a thabhairt ar aghaidh chuig comhairliúchán poiblí.

Mar gheall ar na srianta paindéime agus sláinte poiblí Covid-19 ar chruinnithe, is oth linn nach féidir linn imeachtaí comhairliúcháin poiblí traidisiúnta, pearsanta a reáchtáil le linn na céime seo den chomhairliúchán poiblí. Mar sin féin, tá d’aiseolas ar an scéim fós an-tábhachtach dúinn agus molaimid duit páirt a ghlacadh sa chéim comhairliúcháin phoiblí seo trí amharc ar na hábhair a chuirtear ar fáil ar líne agus aighneacht a dhéanamh ar Thairseach Comhairliúcháin Chomhairle Chontae Fhine Gall https://consult.fingal.ie/en/consultation/royal-canal-urban-greenway

Cad a tharlóidh ina dhiaidh sin?

Tar éis dúinn an dara céim seo den phróiseas comhairliúcháin phoiblí a chur i gcrích, déanfaimid athbhreithniú ar an aiseolas ón bpobal agus ar phleananna dul chun cinn maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta (MTT) agus Measúnú Cuí (AA). Más dóigh go mbeidh tionchair shuntasacha chomhshaoil ann, ullmhófar Measúnacht Tionchair Timpeallachta iomlán lena cur faoi bhráid an Bhoird Phleanála. Má chinntear leis an scagthástáil nach dócha go mbeidh na tionchair chomhshaoil suntasach, rachaidh an tionscadal ar aghaidh tríd an bpróiseas Cuid 8.

Breithneoidh an fhoireann deartha na haighneachtaí a gheofar agus measúnóidh siad an tslí is fearr le dul i ngleic leis na saincheisteanna éagsúla a ardaíodh, agus áireofar sa phróiseas seo plé le páirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear úinéirí talún, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Uiscebhealaí Éireann agus Iarnród Éireann.

Nuair a bheidh na céimeanna seo curtha i gcrích rachaidh an scéim ar aghaidh chuig an bPróiseas Pleanála Reachtúil. Measaimid gur dóigh go gcuirfear iarratas pleanála faoi bhráid an Bhoird Phleanála faoi R4 2021.