Cúlra an Tionscadail

Royal Canal Urban Greenway Cycling

Is príomhchuspóir de Phlean Forbartha Fhine Gall (2017-2023) é Bonneagar Glas a sholáthar, agus tá ról lárnach ag Glasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga maidir leis an gcuspóir sin a bhaint amach. Trí bhonneagar glas comhtháite agus comhleanúnach a chur ar fáil do Fhine Gall, soláthrófar raon sochar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch don Chontae, a mbeidh tionchar dearfach aige ar:

·Bithéagsúlacht

· Páirceanna, Spás Oscailte agus Áineas

· Bainistiú Inbhuanaithe Uisce

· Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta

·Tírdhreach

I bPlean Forbartha Fhine Gall tugtar breac-chuntas ar go leor beartas agus cuspóirí chun bealaí rothaíochta a phleanáil agus a fhorbairt ar fud an Chontae, ina n-ionchorpraítear suíomhanna íogaire oidhreachta nádúrtha agus tógtha agus ina mbaintear amach cothromaíocht idir caomhnú de shuíomhanna den sórt sin agus úsáidí poiblí ar nós fóillíochta, áineasa agus turasóireachta.

In 2013, d’fhoilsigh an ÚNI Plean Líonra Rothaíochta do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, ar a raibh an Líonra Uirbeach, an Líonra Idir-Uirbeach agus an Líonra Glasbhealaigh do gach ceann de na seacht gceantar Údaráis Áitiúil ina gcuimsítear Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MBÁC):

  • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CCBÁC)
  • Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas (CCBÁCT)
  • Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (CCDLRD)
  • Comhairle Contae Fhine Gall (CCFG)
  • Comhairle Chontae na Mí (CCM)
  • Comhairle Contae Chill Dara (CCCD)
  • Comhairle Contae Chill Mhantáin (CCCM)

Sa Phlean Líonra Rothaíochta, aithníodh agus cinneadh na líonraí rothaíochta seo a leanas laistigh de MCBÁC ar bhealach comhsheasmhach, soiléir agus loighciúil:

  • An Líonra Rothaíochta Uirbeach ar an leibhéal Príomhúil, Tánaisteach agus Fothaire;
  • An Líonra Rothaíochta Idir-Uirbeach, a nascann na codanna ábhartha den Líonra Uirbeach agus ina gcuimsítear gnéithe an Líonra Rothaíochta Náisiúnta laistigh de MCBÁC. Cuimsítear sa Líonra Idir-Uirbeach naisc le príomhshuímh iompair lasmuigh de cheantair uirbeacha ar nós aerfort agus calafort; agus
  • Líonra an Ghlasbhealaigh ar bealaí rothaíochta iad a fhorbraíodh go príomha chun críocha turasóireachta, áineasa agus fóillíochta.

Buntáistí na Scéime

Le Glasbhealach Uirbeach na Canálach Ríoga cuirfear buntáistí ar fáil, lena n-áirítear:

  • Gníomhaíochtaí áineasa a chur chun cinn
  • Gníomhaíocht choirp, sláinte agus folláine a chur chun cinn
  • Modhanna taistil inbhuanaithe a éascú ar nós rothaíochta agus siúlóide, príomhfheabhsú do cheantair ghnóthacha uirbeacha agus bhruachbhailteacha ar féidir leo plódú tráchta a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú
  • An Chanáil Ríoga stairiúil a fheabhsú agus a chosaint
  • Spásanna sábháilte tarraingteacha a sholáthar le haghaidh áineasa ar féidir le gach ball den phobal áitiúil taitneamh a bhaint astu
  • Bród áitiúil a chur chun cinn sa cheantar trí chomhfhorbairt áite
  • Cuairteoirí agus turasóirí a spreagadh chun taitneamh a bhaint as an gceantar áitiúil
  • Nascacht a fheabhsú idir Baile Bhlainséir, Cúil Mhín, Cluain Saileach agus Páirc Hans agus an limistéar níos leithne Fhine Gall
  • Nascacht níos fearr le Líonra Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
  • Turasóireacht a spreagadh chun tacú le geilleagair áitiúla agus réigiúnacha
  • Cuspóirí an phlean forbartha réigiúnaí agus náisiúnta a chomhlíonadh

 

North Vs South Route Options Assessment Summary

The below graphic provides a summary of the key challenges and benefits determined for both North and South routes during the route assessment phase. To download a PDF of this graphic click here.

North South route assessment summary

This project is supported by

NTA logo
Waterways Ireland logo
Greenways Ireland logo