Soghluaiseacht

Is príomhghné bhonneagar an Taistil Ghníomhaigh, atá á chur le chéile againn do chónaitheoirí agus do chuairteoirí Fhine Gall, é an rochtain ar iompar inbhuanaithe, ar nós r-rothair, r-Scútar agus Rothair rLasta

Group of adults standing with bikes backs faced to camera

An Rothaíocht a Fhoghlaim

Tá deiseanna ar fhoghlaim na rothaíochta á dtairiscint againn do leanaí faoi mhíchumas agus do dhaoine fásta ar mhian leo dul ar ais ar an rothar.

Bike Parking at Lusk Sports Hub

Páirceáil Rothar i bhFine Gall

Le linn na bliana 2022, bhíomar ag cur áiteanna páirceála rothar nua á ar fáil ar fud an Chontae, rud a dhéanfaidh sé níos éasca ná riamh duit rothaíocht ar an obair, ar an oiliúint, chuig an bpáirc, chuig an trá nó chuig na siopaí.

Bike and eBike

Roinnt na Rothar i bhFine Gall

Íoslódáil an aip Bleeper nó an aip Tier agus tóg rothar nó rRothar leat ar fud an Chontae. 

Grúpaí Siúil is Caint

Is grúpa é seo i Sord seo dírithe ar fhir de gach aois agus cúlra bualadh le chéile, comhrá lena agus dul amach faoin aer úr lena chéile. Tá fáilte roimh chách chuig an siúlóid sheachtainiúil oíche Dé Luain ag 7.30in ó aghaidh Chaisleán Sord.

An bhfuil spéis agat a leithéid ghrúpa a bhunú i do cheantar féin? Seol rPhost chuig   [email protected]    chun labhairt lenár bhfoireann Taisteal Gníomhach faoin méid tacaíochtaí atá ar fáil.

Cycling Without Age Marymount Care Home

Rothaíocht Gan Aois

Is tionscnamh é ‘Rothaíocht Gan Aois’ a bheidh ag tosú go luath i roinnt áiteanna ar fud an Chontae. Áirítear leis an tionscnamh idir-rannach seo Taisteal Gníomhach, Fine Gall Aois-Mhuinteartha, Spóirt an Phobail agus Tionscadal na Cathrach Gníomhach de chuid Fhine Gall.

Village Garden Centre Malahide receive eCargo bike

Rothair rLasta le haghaidh Lucht Gnó Fhine Gall

Tá triail á dhéanamh ag Lucht Gnó Fhine Gall ar rothair rLasta le haghaidh seachadtaí áitiúla.