Maoiniú Seachtain na Rothar 2023 Aimsithe ag Fine Gall

Speaker announcing €19,000 funding with NTA logo

Tá maoiniú €19k bronnta ag an Údarás Náisiúnta Iompair  ar Chomhairle (ÚIÉ) Contae Fhine Gall le haghaidh ghníomhaíochtaí Sheachtain na Rothar 2023.

 

Is ceiliúradh seachtaine é Seachtain na Rothar ar na buntáistí a bhaineann leis an rothaíocht. Beidh Seachtain na Rothar 2023 ar siúl ó Dé Satharn an 13 go dtí Dé Domhnaigh an 21 Bealtaine 2023. Tá aonad an Taistil Ghníomhaigh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall ag tnúth le himeachtaí éagsúla a chur ar fáil ar fud an Chontae.

 

Arsa an Stiúrthóir Seirbhísí an Chomhshaoil, na Ghníomhaíochta ar son na hAeráide agus an Taistil Ghníomhaigh, David Storey: “Is imeacht bhliantúil í Seachtain na Rothar agus is mór an t-áthas a chuireann sé orainn páirt a ghlacadh inti. Is cuid thábhachtach é den iarracht againne muintir Fine Gall a chur suas ar a gcuid rothar ar mhaithe lenár bpobail, lenár n-aeráid agus lenár sláinte a chur chun cinn chomh maith leis an taithí dearfach a fháil acu ar na buntáistí a bhaineann leis an rothaíocht.”

 

Deir an tOifigeach Rothaíochta agus Siúlóide Stephen McGinn go bhfuil an maoiniú ón ÚIÉ riachtanach d'obair Chomhairle Contae Fhine Gall. “Is dea-scéala do gach éinne é fógra an mhaoinithe seo os cionn €19,000 ón Údarás Náisiúnta Iompair le haghaidh chur chun cinn agus imeachtaí Sheachtain na Rothar. Ciallaíonn sé gur féidir linn clár Sheachtain na Rothar spraíúil, oideachasúil agus fairsing a chur ar fáil i bhFine Gall. Tá deis rothaíochta ann atá oiriúnach do gach éinne, bíodh sé ag glacadh páirte i Rothaíocht Gan Aois do dhaoine scothaosta, ag baint sult as ár n-imeachtaí  scoile bliantúla nó ag teacht chuig na laethanta Spraoi Teaghlaigh againne, áit a bhfuil mórán spraoi le fáil leis an rothar.”

 

Eiseoidh Comhairle Contae Fhine Gall clár imeachtaí na bliana 2023 go luath agus deir si go bhfuil siad thar a bheith sásta fáilte a chur roimh an lucht páirteach is mó riamh chuig imeachtaí ar fud Fhine Gall idir an 13 agus an 21 Bealtaine. Bígí ag faire ar  www.fingal.ie/bikeweek agus bígí réidh le taitneamh a bhaint as Seachtain na Rothar 2023..