Bí Sábháilte, Bí Feicthe ar an Lá is Giorra na Bliana

Cyclist in be safe be seen hi vis vest with bike

Roimh an lá náisiúnta ‘Bí Sábháilte, Bí Feicthe’ a bheidh ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 21 Nollaig, tá Comhairle Contae Fhine Gall, in éineacht leis an Údarás um Sábháilteacht ar Bhóithre agus An Garda Síochána ag meabhrú do thiománaithe, do choisithe agus do rothaithe a bheith cúramach ar na bóithre .

 

Is é 21 Nollaig an lá is giorra na bliana, agus is minic an lá is dorcha agus is am iontach é chun sos a dhéanamh agus smaoineamh ar na bearta sábháilteachta is féidir leat a dhéanamh chun a chinntiú go dtiocfaidh tú slán sábháilte.

 

Mar a tharla sa cheo reo le déanaí agus coinníollacha tromchúiseacha teochta, meabhraítear do thiománaithe a bheith cúramach ar a n-infheictheacht ar an mbóthar agus go bhféadfadh laghdú a dhéanamh ar a luas an difríocht ríthábhachtach idir timpiste bheag agus timpiste thromchúiseach nó marfach. Tiomáin i gcónaí le ceannsoilse maolaithe nó bain úsáid as soilse reatha i rith an lae (DRL) má tá an ghné seo ag do ghluaisteán.

 

Cinntigh go bhfuil do shoilse, do sholas táscaire, d’fhrithchaiteoirí, agus do shoilsiú uimhirphláta glan agus go bhfuil bail maith oibre orthu ionas gur féidir leat a fheiceáil go soiléir agus a bheith le feiceáil i gcónaí

 

Agus iad ag siúl, go háirithe i gceantair thuaithe ina bhfuil cosáin agus soilsiú sráide teoranta nó nach bhfuil siad ann, ba chóir do choisithe a chinntiú go bhfuil siad ag caitheamh veist shofheicthe, geal nó frithchaiteach ionas gur féidir le tiománaithe iad a fheiceáil nuair atá siad ag druidim isteach leo ag teacht chun tosaigh nó taobh thiar dóibh.

 

Ba chóir do choisithe tóirse a iompar freisin, nó an tóirse ar a bhfóin a úsáid, chun an bealach a lasadh agus chun rabhadh a thabhairt do ghluaisteáin nuair a bhíonn siad ag siúl san oíche. Is fearr siúl ar bhóithre dorcha a sheachaint nuair is féidir.

 

Tá freagracht ar rothaithe freisin a bheith feicthe. Caithfidh tú solas bán a bheith agat ar aghaidh do rothair agus solas dearg ar chúl. Cuimhnigh go bhfuil fíneálacha ann dóibh siúd a rugadh ar gan soilse rothair a oibriú sa dorchadas. Ina theannta sin, d’fheadfadh rothaithe éadaí frithchaiteacha a roghnú freisin chun a n-infheictheacht a uasmhéadú agus cabhrú le timpistí a chosc.

Garda bike and car with lights on

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, go bhfuil sábháilteacht an rud is tábhachtaí, go háirithe le linn an tséasúir na Nollag. ‘An Nollaig seo beidh 150 cathaoir fholamh i dtithe timpeall na hÉireann inar cheart d’íospartaigh timpiste bhóthair a bheith ina suí. D’fhéadfadh gur infheictheacht agus tú ag siúl, ag tiomáint nó ag rothaíocht an rud is tábhachtaí a shábhálann do shaol nó do shaol duine a bhfuil grá agat dó. Ag an am seo den bhliain bíonn daoine gnóthach agus ar seachrán ach má chuimhníonn tú ar rud amháin, cuimhnigh le do thoil a bheith sábháilte agus go gcaithfidh tú a bheith le feiceáil.’

 

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre. ‘Oibríonn ár Rannóg Oibríochtaí ar feadh na bliana chun soilsiú sráide éifeachtach a sholáthar agus bíonn siad ar fáil i gcónaí chun cabhrú le haimsir chrua ach ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar fhreagracht gach duine veist shofheicthe nó éadaí geala a chaitheamh mar choisí nó mar rothaithe agus a bhfeithicil a lasadh go cuí, bíodh sé sin ar rothar nó ar aon chineál iompair mhótair’.

 

Go dtí seo i mbliana (Déardaoin, 20 Nollaig) fuair 143 duine bás ar bhóithre na hÉireann, 7 níos lú ná an t-am seo anuraidh. Úsáideoirí leochaileacha bóithre, ar nós rothaithe, gluaisrothaithe agus coisithe, ba chúis le 4 as gach 9 mbás agus maraíodh 41 coisí, 14 ghluaisrothaithe agus 9 rothaithe ar bhóithre na hÉireann go dtí seo, i mbliana.

 

Deir Sinéad Murphy ó aonad Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Contae Fhine Gall, go bhféadfar tú féin agus daoine eile a chosaint trí na gníomhartha simplí seo a dhéanamh. ‘Cabhraigh trí cheannsoilse maolaithe a chur ar siúl i rith an lae agus trí mhoilliú. Tá luas ríthábhachtach mar go dtugann sé am duit freagairt d’fhadhb a d’fhéadfadh teacht ort – bualadh le rothaí timpeall cúinne nó coisithe ag dul trasnú go tobann mar shampla. Tá a fhios againn nach bhfuil ach seans 50% maireachtáil ag coisí a bhuaileann gluaisteán ag 50km/u, buailte ag 30km/u tá seans 90% go mairfidh an coisí. Mar sin is féidir leat difríocht a dhéanamh agus ba chóir duit.”

 

Is féidir leat níos mó faoi seo agus faoi tionscnaimh sábháilteachta bhóithre ar https://www.fingal.ie/activetravel/roadsafety