Sábháilteacht ar Bhóithre

Tá Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre Chomhairle Contae Fhine Gall lonnaithe laistigh den Rannóg Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taistil Ghníomhaigh.

Sábháilteacht ar Bhóithre Scoile

Oibríonn Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna chun bonneagar, tacaíocht, oiliúint agus cláir for-rochtana a sholáthar a fhágann go bhfuil sé níos sábháilte taisteal ar scoil de shiúl na gcos nó de rothar.

Tá sé mar ról againn na rioscaí sábháilteachta ar bhóithre atá ann cheana do leanaí a laghdú. Áirítear leis na rioscaí sin:

  • Plódú tráchta ag geataí na scoile
  • Páirceáil neamhdhleathach a fhágann go bhfuil cosáin blocáilte
  • Páirceáil ar línte buí dúbailte
  • Trácht Cóngair Sciuirde
  • Plódú ar chosáin
  • Droch-infheictheacht do thuismitheoirí agus do leanaí
  • Trácht atá ag U-chasadh
  • Rioscaí sábháilteachta ar bhóithre
  • Carranna ar réchasadh taobh amuigh de gheataí na scoile, rud a dhéanann dochar do scamhóga daoine óga

Sábháilteacht ar Bhóithre ag Scoil Mhuire agus Iosef – Scoil Náisiúnta Chois Bhá

Road Safety at Scoil Mhuire Agus Iosef - Bayside National School

Sráideanna Scoile

Is é is Sráid Scoile ann ná Crios ainmnithe lasmuigh de scoil atá Saor ó Charranna. Is crios sealadach do choisithe agus do rothaithe é agus ní oibríonn sé ach amháin le linn amanna fágála agus bailithe. Tá Sráideanna Scoile ina dtimpeallacht shábháilte do leanaí nuair atá an gá is mó acu léi agus fágann siad gur eispéireas níos taitneamhaí, níos saoire ó strus agus, thar aon rud eile, i bhfad níos sábháilte é an scoil a shroicheadh agus a fhágáil.

 

School Street
Ceisteanna Coitianta faoi Shráideanna Scoile

Chun na tosca ratha do Shráideanna Scoile a dhéanamh amach, déanann ár bhfoireann Taistil Ghníomhaigh faireachán orthu seo a leanas:

  • Cáilíocht an aeir
  • Aistriú módach na ndaltaí (aistriú ó thaisteal de charr go taisteal de rothar nó de shiúl na gcos)
  • Méid an tráchta feithiclí

Bíonn ár bhfoireann i dteagmháil leanúnach leis an bpobal agus leis na scoileanna atá páirteach freisin chun a chinntiú go mbíonn an tionscnamh ag obair go maith agus go dtuigeann gach duine é.

Busanna Rothaíochta agus Siúil

Cuireann Busanna Rothaíochta agus Busanna Siúil Taisteal Gníomhach chun cinn ar thuras linbh ar scoil, bíodh sé de rothar nó de shiúl na gcos.

Déanann oibrithe deonacha, tuismitheoirí agus múinteoirí grúpaí leanaí a thionlacan feadh bealach socraithe ar amchlár socraithe gach lá le linn an téarma scoile. Cosúil go díreach le bus scoile, stopann na ‘busanna’ malartacha Taistil Ghníomhaigh sin chun leanaí a bhailiú ag pointí feadh an bhealaigh chun na scoile.

St Marnock's School Cycle Bus

Bealaí Sábháilte chun na Scoile

Ba cheart do gach leanbh an tsaoirse a bheith acu chun taisteal go sábháilte chun na scoile de shiúl nó de rothar. Tá foireann Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Contae Fhine Gall ag obair chun Bealaí Sábháilte chun na Scoile a sholáthar trí thionscadail atá cistithe ag Clár an Rialtais, a chuir €1.8 billiún i leataobh chun tacú le taisteal de shiúl na gcos, de scútar agus de rothar chuig bunscoileanna agus chuig iar-bhunscoileanna.

 

school streets

The Safe Routes to School programme aims to create safer walking and cycling routes within communities, alleviate congestion at the school gates and increase the number of students who walk or cycle to school by providing walking and cycling facilities. The improvements to a school’s commute may range from an upgraded footpath or addition of a protected cycle lane to a complete reworking of a school’s entrance to better accommodate walking and cycling.

In June 2021, 11 Fingal schools were selected for round 1 of the programme and will work with a designated infrastructure officer from Green-Schools who will liaise with the school and local authority as works are planned and carried out.

Schools were selected for participation in the programme for 2021 based on a mix of criteria including school type, location and school’s commitment to sustainable travel. The programme is funded by the Department of Transport through the National Transport Authority (NTA) and is supported by the Department of Education. An Taisce’s Green-Schools is co-ordinating the programme and Fingal County Council will play a key part in delivering the infrastructure to support this programme.

Cliceáil anseo le haghaidh Faisnéis faoin Líne Éigeandála Lasmuigh de Ghnáthuaireanta Oibre agus faoi Oibreacha Bóthair 

https://www.fingal.ie/tags/road-transport-and-safety