Ar Dé Luain, 12 Meán Fómhair, sheol Méaraí Chomhairlí Contae Átha Cliath Theas agus Fhine Gall, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Ardmhéara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Seachtain Gníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath go hoifigiúil san Ionad Cuairteoirí Cruinn, Cluain Dolcáin.
Tá ionchur an phobail á lorg ag EirGrid, oibreoir agus forbróir na heangaí náisiúnta leictreachais, chun bealach a aithint d’Uasghrádú Oirthear na Mí-Baile Átha Cliath.
Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár iontach imeachtaí saor in aisce a fhógairt a bheidh ar siúl in áiteanna éagsúla i bhFine Gall chun Oíche Chultúir 2022 a cheiliúradh.
Bliain ar aghaidh ó fhógraítear tionscnamh féarach caomhnaithe cheannródaíoch i gcomhpháirtíocht le Cumann Seanghabhar na hÉireann, deir Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil an scéim trí bliana ag éirí thar barr agus go bhfuil fáilte mhór roimh an bpobal áitiúil.
Tá maoiniú de €100,000 bronnta ar Chomhairle Contae Fhine Gall ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim nua um Fheabhsú Sráid-dreacha Bailte agus Sráidbhailte 2022 chun tionscadail a mhaoiniú sa Ros agus tá léirithe spéise á lorg acu anois.
Beidh moltóireacht i gComórtas Mórtas Ceantair IPB 2022 i bhFine Gall ar siúl an tseachtain seo chugainn Dé Máirt agus Dé Céadaoin an 13 agus an 14 Meán Fómhair, agus beidh trí ghrúpa réidh le hionadaíocht a dhéanamh ar son an chontae sa chomórtas bliantúil thuaidh-theas a thaispeánann na samplaí is fearr d’fhorbairt pobail ar oileán na hÉireann.
D’fhill Cruicéad Laighean Fhine Gall don Óige go Merseyside tar éis cuairt a thabhairt air roimhe sin i 2019, rud a d’éirigh ní hamháin le curiarracht buaite ach níos tábhachtaí fós ag treisiú cairdeas a mbeidh tionchar buan acu ar gach duine a bhí páirteach ann.
Bhain na torthaí uisce snámha is déanaí ó Thrá Thosaigh, Baile Brigín a tógadh ar an 25ú & 29 Lúnasa an caighdeán maidir le cáilíocht uisce ‘mhaith’ amach. Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle le FSS fanfaidh an fógra toirmisc ‘ná snámh’ i bhfeidhm go dtí an 9ú Meán Fómhair.
Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall Glantachán Pobail Bhaile Átha Cliath i láthair, an imeacht glantacháin is mó riamh i mBaile Átha Cliath a bheidh ar siúl ón 10ú go dtí an 18ú Meán Fómhair.