GLAC PÁIRT SAN AICSEAN! Clár iontach do Bheadaithe, d'Fheirmeoirí agus do Theaghlaigh á fhógairt ag Féile Blasanna Fhine Gall!

Flavours of Fingal 2023

Cuireann sé bród ar Bhlasanna Fhine Gall, an fhéile contae is mó agus is bríomhaire i mBaile Átha Cliath, a fhógairt go bhfuil an clár á chur ar fáil do léiriú lán-aicsean na bliana seo i dTeach agus Gairdín an Droichid Nua, Domhnach Bat Dé Satharn an 1 agus Dé Domhnach an 2 Iúil.

Le 80,000 cuairteoir ar an meán ag teacht chuici gach bliain, sé Blasanna Fhine Gall príomhimeacht an tsamhraidh atá á óstáil ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Ceanglaíonn ollócáid na bliana seo sárthaispeántais na feirmeoireachta, na heachaíochta, an cheoil agus an damhsa le taitneamhachtaí nua lena n-áirítear puball sorcais le taibheoirí ón Broken Theatre Company agus ón Wellness Lawn chomh maith le comórtais Aclaíocht na Madraí agus Margadh an Bhia ag teacht as Cósta agus as Goirt Bhaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó ag fógra an lae inniu, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Howard Mahony; “Fíor-cheiliúradh ar oidhreacht shaibhir cócaireachta an réigiúin agus ar phobal na feirme faoi bhláth aige atá bhFéile Blasanna Fhine Gall . Léiríonn sé mana Fhine Gall, ‘Flúirse Talaimh is Mara’, ceantar a tharraingíonn móran ón talamh agus ón bhfarraige trí céadta bliain na feirmeoireachta agus na hiascaireachta a bhain cáil mór amach dó ar fud na tíre. Cuireann sé áthas mór orainn an ócáid iontach seo a óstáil arís i mbliana. Ag síneadh amach ó ghort an fheirmeora siar go dtí margadh an bhia agus anall ansin go dtí an ceol beo, léim na gcapall, an rinnce agus an fholláine, geallann an fhéile seo rud éigin na spéise a chur ar fáil do gách éinne”.

I measc buaicphointí na féile, tá:

Gort an Fheirmeora, arna óstáil ag Grúpa Feirmeoirí Fhine Gall: cuirfidh ábhar seo na spéise béim ar ainmhithe is fearr na feirme lena n-áirítear ranganna na eallach, trialacha na madraí caorach, alpacaí, caoirigh agus muca. Léireofar modhanna agus teicnící na feirmeoireachta traidisiúnta mar aon le samplaí is nua-aimseartha agus den scoth d'innealra na feirme . Ní ainmhithe agus tarracóirí amháin atá i gceist, is féidir leat páirt a ghlacadh lenár dteagascóir Patricia sa damhsa sóisialta le ceachtanna sa Jeighbh, sa Válsa, sa Foxtrot, sa Mhearchéim agus sa Rinnce Line!

Beidh Puball na Gairneoireachta, arna óstáil ag Cumann Gairneoireachta Fhine Gall: Thaispeántaisna m Bláthanna agus na Garraíodóireachta, 80 rang na gcomórtas ag síneadh ó bhláthanna go dtí glasraí go dtí an bhácáil baile, cur na síolta, garraíodóireacht na gciseán crochta agus na gcoimeádán, iomadú na bplandaí, agus sraith na gceardlanna le garraíodóirí saineolacha lena n-áirítear Christopher White, iol-buaiteoir boinn ag Seo na mBláthanna Chelsea agus ag  Bloom.

Cósta agus Goirt Bhaile Átha Cliath: Breathnaigh timpeall  margadh bríomhar an bhia as Cósta agus as Goirt Bhaile Átha Cliath, lán le seastáin le raon táirgí blasta na háite. Idir torthaí agus glasraí úrnua agus ceard-cháiseanna, bia na mara agus arán ceirde, is féidir le cuairteoirí trial a bhaint as raon inbhlasta na sampláí agus á gceannach. I measc iad siúd ón gceantar ag glacadh páirte, tá An Bácús Beag, Feisty Ferments, McNally Family Farm agus Country Crest. Suigh síós agus féach ar thaispeántais na cócaireachta le scoth cócairí na háite, lena n-áirítear Declan McManus ó bhialann King Sitric, Binn Éadair, a léireoidh an bia mara iontach a ghabhtar timpeall ár gcósta.

Crios Spraoi do Theaghlaigh: Is imeacht le bá don teaghlach aici atá san fhéile, le Crios ar leith do Leanaí á chur ar fail i gcomhar le gnólacht  Keelings, ina bhfuil gníomhaíochtaí dírithe ar leanaí á gcur ar fáil. Ina measc, beidh scileanna na hamharclainne agus an tsorcais, na healaíona agus na ceirdeanna, draíodóirí, seónna na bpuipéad agus cluichí traidisiúnta. Tá sult agus siamsaíocht ar fáil ann go gach páiste ar gach aois. Ach tá achar an chiúnais ann freisin do leanaí agus do theaghlaigh atá sos beag uathu atá scartha ó ghnó an lae.

Faiche na Folláine: gné nua eile den fhéile i mbliana is ea an aclaíocht agus an fholláine do gach aois. Buail le teagascóirí saineolacha áitiúla ar an bhfaiche le haghaidh ranganna saor in aisce sa Ióga, sa Pilates, sa DanceFit, in aclaíocht spraoiúil don teaghlach, agus sa neart agus riochtú.

Sártléiriú na hEachaíochta: Arna óstáil ag Fingal Harriers, beidh marcaigh ghairmiúla Éireannacha san iomaíocht i gcomórtais den scoth lena n-áirítear an Mervue Amaitéarach, catagóirí luais, comórtais cáilíochta le haghaidh Sheó Capall Bhaile Átha Cliath san CRBÁC agus Grand Prix Náisiúnta Joe Duffy BMW. Beidh suíocháin cois fáinne ar fáil le haghaidh gliondar a chur ar na hiomaitheoirí iontacha.

Ceol agus Siamsaíocht Bheo: Ag cur beocht isteach in atmaisféar na féile, beidh léirithe beo an cheoil ar siúl sa Ghairdín Múrtha agus ag Aghaidh an Tí le hoirfidigh áitiúil mar aon le rince Gaelach agus damhsa bálseomra.

Dar le John Quinlivan, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall: “Baineann tábhacht i gcónaí leis an inbhuanaitheacht nuair a bhíonn imeachtaí móra ar nós Blasanna Fhine Gall i gceist. Mar chuid den fheachtas Fine Gall Inbhuanaithe againne, táimid ag déanamh ár ndícheall maidir le daoine a spreagadh chun úsáid a bhaint nuair is féidir as an iompar poiblí. Is cúis áthais dúinn cead isteach saor in aisce a thairiscint dóibh siúd ag teacht chuig an ócáid ar chos, ar rothar, ar an mbus tointeála nó ar iompar poiblí. Ná cuirigí an deis amú mar sin. Cuirigí nóta san fhéilire agus bígí linn le haghaidh cultúr bia agus feirmeoireachta Fhine Gall a cheiliúradh”.

Chomh maith leis an gcead isteach saor in aisce ar an imeacht, tá séirbhísí busanna tointeála á gcur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall go dtí Baile Brigín/na Sceirí, an Ros/Lusca, Sord, An Aill/Baile Uí Bhuachaill agus Baile Bhlainséir. €1.50 an duine ar thicéad fillte agus leo siúd faoi bhun 16 bhliain d’aois taisteal saor in aisce. Ní mór gach ticéad a chur in áirithe roimh ré. Má tá tú ag teacht sa charr, cuir do thicéad páirceála in áirithe roimh ré le haghaidh an luach is fearr a fhail. Cosnaíonn an ticéad luath €15.00 agus an ticéad ar an lá €20.00 nó €30.00.

Le haghaidh tuilleadh eolais chomh maith le páirceáil agus ticéid an bhus tointeála a chur in áirithe, féach ar shuíomh Gréasáin na féile ag www.flavoursoffingal.ie nó lean na fógraí agus na huasdátuithe rialta againne sna meáin shóisialta.

Tabhair faoi deara.

Comhairle Contae Fhine Gall. Is sinne an contae is óige in Éirinn (arna bhunú sa bhliain 1994) agus is áit dúchais againn do os cionn 300,000 duine. Is linne an fás is tapúla in Éirinn; leis an daonra beagnach tar éis méadú faoi dhó idir an bhliain 1991 agus an bhliain 2016. Aithnítear sinn de bharr éagsúlacht ár gcónaitheoirí agus ár dtírdhreach mar aon. Ceanntar tuaithe, uirbeach, ar chósta agus fo-uirbeacha atá ionainn. Tá pobail láidre sheanbhunaithe againn ag dul siar ar feadh na céadta bliain, taobh le taobh le pobail atá ag teacht chun cinn agus ag tnúth le laethanta spreagúla ag teacht. Faigh tuilleadh amach fúinn anseo ag: www.fingal.ie/resident

Teacht ar an bhFéile:

Ag siúl nó ar rothar: tá spásanna páirceála ar leith na rothar ar fáil ar an suíomh.

Bus Tointeála: oibreoidh busanna tointeála réamh-áirithinte chuig agus ar ais ó Bhaile Brigín/na Sceirí, ón Ros/Lusca, ó Shord, ón Aill/Baile Bochaill agus ó Bhaile Bhlainséir. €1.50 an duine ar thicéad fillte agus saor in aisce dóibh siúd faoi bhun 16 bhliain d’aois. Ní mór gach ticéad a chur in áirithe roimh ré. Fágann an chéad bhus tointeála an t-ionad ag 16:00in agus an ceann deireanach ag 18:30pm ar an toirt. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://flavoursoffingal.ie/travel/bus

Traein: Tá siúil cúig nóiméad idir Stáisiún Traenach Dhomhnach Bat  agus Teach an Droichid Nua. Tá an sceideal le feiceáil ag www.irishrail.ie.

Bus Átha Cliath: Bealach 33b. Tá an t-amchlár le feiceáil ag https://www.goaheadireland.ie. Tá siúil cúig nóiméad idir Stáisiún Traenach Dhomhnach Bat  agus Teach an Droichid Nua.

Gluaisteán: Is féidir ticéid pháirceála a chur in áirithe ar líne roimh ré ag ráta laghdaithe de €15 (arna chur in áirithe roimh an 24 Meitheamh) agus €20 (arna chur in áirithe roimh 8rn ar maidin na hócáide) ag www.flavoursoffingal.ie Se €30 an carr praghas pas páirceálaan lae, ar fáil in oifig na dticéad.

 

Baill rannpháirteacha as Cósta agus Pháirceanna Bhaile Átha Cliath:

Tá an Rí Sitric i mbun gnó i mBinn Éadair le breis agus 50 bliain anuas agus tá cáil idirnáisiúnta bainte amach aige as aimsiú agus as freastal ar scoth Éisc agus Sliogéisc na hÉireann. www.kingsitric.ie

Tá McNally Family Farm deimhnithe mar fheirm orgánach ón mbliain 1998 i leith. Déanann an teaghlach speisialtóireacht ar éagsúlacht mhór na nglasraí, na luibheanna, na sailéad, na bhfréamhacha agus na dtorthaí a fhás. Chomh maith le feirm 77 n-acra agus 50 Polaitollann le 3 acra fúthu, tá siopa feirme agus caifé suimiúil suite ar an bhfeirm chomh maith. www.mcnallyfamilyfarm.ie

Tuigeann Country Crest, an fheirm de chuid muintir Hoey, go bhfuil níos mó ag baint leis an bhfeirmeoireacht sa 21ú hAois ná an díogras sa thárgaíocht. Ní mór an dúil céanna a bheith ann san obair inbhuanaithe; sa mheas don timpeallacht agus sa mhéid a thabhairt ar ais don talamh as a thagann an oiread sin dúinn. www.countrycrest.ie

An Bácús Beag - Táirgeann an bácús seo i nDomhnach Bat rogha na n-arán taos géar chomh maith le arán na mór-roinne, leis an arán traidisiúnta agus earraí patisserie. Déantar a gcuid aráin as plúr orgánach, salann, uisce agus giosta amháin. https://realbreadireland.org/portfolio/an-bacus-beag-the-little-bakery-…

Is Teiripeoir Cothaithe lán-deimhnithe í Clare, bunaitheoir Feisty Ferments. Tá sí ina ball de Líonra Bia Fhine Gall agus de Chumann na gCoipitheoirí. Táirgeann sí kombucha i bhFine Gall, Contae Átha Cliath Thuaidh, garraí margaidh na hÉireann. www.feistyferments.ie

 

Flavours of Fingal 2023
Flavours of Fingal 2023