Fáiltíonn an Chomhairle roimh leithdháileadh €1.7m ón gCiste Aitheantais Pobail do 26 tionscadal

D'fháiltigh Comhairle Contae Fhine Gall roimh leithdháileadh €1,748,912 faoin gCiste Aitheantais Pobail do 26 tionscadal ar fud Fhine Gall.

community recognition fund poster

D'fháiltigh Comhairle Contae Fhine Gall roimh leithdháileadh €1,748,912 faoin gCiste Aitheantais Pobail do 26 tionscadal ar fud Fhine Gall.

Tá leithdháileadh €850,512 ar ocht dtionscadal i Sord agus tá €435,000 curtha ar fáil do cheithre thionscadal i mBaile Átha Cliath 15. Tá €92,000 san iomlán faighte ag trí thionscadal i dToghcheantar Áitiúil Bhinn Éadair Mhullach Íde agus caithfear €96,600 ar cheithre thionscadal sna Sceirí, sa Ros agus i Lusca. Maoineofar trí thionscadal i mBaile Brigín le deontais dar luach €44,000 agus gheobhaidh dhá thionscadal i mBaile Seiscinn €30,200 san iomlán agus gheobhaidh ceann amháin i Seantrabh €20,000. Tá liosta iomlán de na tionscadail agus an méid a leithdháiltear ar gach ceann díobh le fáil thíos.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, fáilte roimh an bhfógra ón Rialtas agus dúirt sé: “Is bealach iontach é seo chun aitheantas a thabhairt don rannchuidiú atá á dhéanamh ag pobail ar fud Fhine Gall maidir le fáilte a chur roimh líon suntasach daoine ón Úcráin agus ó thíortha eile agus iad a óstáil. Ligfidh an t-airgead a leithdháileadh tríd an gCiste Aitheantais Pobail do Chomhairle Contae Fhine Gall tacú le forbairt bonneagair agus saoráidí pobail a úsáidfidh gach ball den phobal amach anseo."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “D'oibríomar le páirtithe leasmhara éagsúla chun tionscadail oiriúnacha a aithint agus tá lúcháir orm gur éirigh linn maoiniú €1.7m a fháil do 26 tionscadal ar leithligh a dhéanfaidh difríocht shuntasach don bhonneagar pobail atá i bhfeidhm ar fud an chontae. Faoi théarmaí an Chiste, ní mór 60% den leithdháileadh a chaitheamh in 2023 agus an chuid eile in 2024 agus mar sin beimid ag bogadh go tapa chun na tionscadail seo a chur ar bun."

I measc na gcineálacha tionscadal atá á maoiniú tá Wi-Fi poiblí a shuiteáil in Ionaid Phobail agus i bpáirceanna chun nascacht dhigiteach a fheabhsú ar fud an chontae go dtí uasghrádú agus feabhsú Pháirc an Tobair Naofa agus Pháirc Mhic Coitil i Sord mar aitheantas ar an méid iontach a rinne na pobail seo maidir le fáilte a chur roimh dhaoine ón Úcráin agus ó thíortha eile.

Tá roinnt tionscadal ann freisin ina gceannófar trealamh céadfach agus ballaí céadfacha do leabharlanna ar fud Fhine Gall agus ina suiteálfar gairdíní céadfacha sa Chontae.

 

 

Seo a leanas liosta na dtionscadal ceadaithe agus méid an mhaoinithe arna leithdháileadh ar gach ceann acu:

 

LIMISTÉAR

TIONSCADAL

DÁMHACHTAIN

Baile Átha Cliath 15

  1. Suiteáil Conair Scéalta i D15
  2. Suiteáil Clós Súgartha i bPlásóg an Dúin
  3. Suiteáil Gairdín Céadfach
  4. Athdhromchla ar 2 MUGA atá ann cheana
  5. Suiteáil 2 leath MUGA atá ann cheana

 

€240,000

Baile Átha Cliath 15

Wi-Fi Poiblí in Ionaid Phobail i mBaile Átha Cliath 15

€120,000

Baile Átha Cliath 15

Clár Síntiús Leabhar Leabharlainne do Scoileanna Bhaile Átha Cliath 15

€33,000

Baile Átha Cliath 15

Suiteáil 1 Bord Faisnéise Digiteach agus 2 Binsí Cliste agus Wi-Fi poiblí saor in aisce i spás/páirc oscailte  poiblí i mBaile Átha Cliath 15

€42,000

Sord

Uasghrádú agus feabhsú ar Pháirc an Tobair Naofa, Sord, lena n-áirítear soláthar Trealamh Callaistéinic/Aclaíochta; Leathchúirt Cispheile; Limistéar Boules; Boird Teqball & Leadóige Boird; Limistéar Súgartha Neamhfhoirmiúil; Eangach Stop Liathróid; Conair na gCrann; Mol Óige; Rian Foghlama Rothaíochta (dearadh & tógáil); comharthaíocht is féidir tapáil

€466,512

Sord

Ríomhairí Glúine le haghaidh Ionaid Phobail an Tobair Naofa agus Choill na nÚll

€35,000

Sord

Ardaitheoir a shuiteáil chuig Ionad Pobail Ghleann na hAbhann

€190,000

Sord

Wi-Fi Poiblí in Ionaid Phobail i Limistéar Shoird

€72,000

Sord

Clár Síntiús Leabhar Leabharlainne do Scoileanna i Limistéar Shoird

€26,400

Sord

Trealamh agus balla céadfach a cheannach do Leabharlann Shoird

€10,000

Sord

Suiteáil Clár Faisnéise Digití amháin agus dhá Bhinse Cliste agus Wi-Fi poiblí saor in aisce i spás/páirc oscailte poiblí i Sord

€42,000

Sord

Málaí súgartha & trealamh súgartha le húsáid ag an bpobal le haghaidh súgartha neamhstruchtúrtha agus neamhspleách

€8,600

Baile Seiscinn

Taisceadáin/málaí/trealamh súgartha le húsáid ag an bpobal le haghaidh súgartha neamhstruchtúrtha agus neamhspleách

€23,600

Baile Seiscinn

Clár Síntiús Leabhar Leabharlainne do Scoileanna sa Limistéar

€6,600

Binn Éadair/Mullach Íde

Uasghrádú agus Feabhsú ar Pháirc Mhic Coitil, Sord, lena n-áirítear soláthar Trealamh Callaistéinic/Aclaíochta; Leathchúirt Cispheile; Limistéar Boules; Boird Teqball; Súgradh Neamhfhoirmiúil

€180,000

Binn Éadair/Mullach Íde

Trealamh agus balla céadfach a cheannach do Leabharlanna Bhinn Éadair agus Bhaile Dúill

€20,000

Binn Éadair/Mullach Íde

Suiteáil rian boules agus leathchúirt cispheile i bPáirc Bhaile Trá

€30,000

Binn Éadair/Mullach Íde

Suiteáil Clár Faisnéise Digití amháin agus dhá Bhinse Cliste agus Wi-Fi poiblí saor in aisce i spás/páirc oscailte poiblí i mBinn Éadair/Mullach Íde LEA

€42,000

Seantrabh

Suiteáil Conair Scéalta i nDiméin Sheantraibh

€20,000

Baile Brigín

Taisceadáin/málaí/trealamh súgartha le húsáid ag an bpobal le haghaidh súgartha neamhstruchtúrtha agus neamhspleách

€25,600

Baile Brigín

Suiteáil 2 Bhinse Cliste i spás/páirc oscailte poiblí i mBaile Brigín

€9,000

Baile Brigín

Trealamh agus balla céadfach a cheannach do Leabharlann Bhaile Brigín

€10,000

Na Sceirí/An Ros/ Lusca

Taisceadáin/málaí/trealamh súgartha le húsáid ag an bpobal le haghaidh súgartha neamhstruchtúrtha agus neamhspleách

€27,600

Na Sceirí/An Ros/ Lusca

Suiteáil Gairdín Céadfach

€50,000

Na Sceirí/An Ros/ Lusca

Suiteáil 2 Binsí Cliste i spás/páirc oscailte poiblí sna Sceirí agus sa Ros faoi seach

€9,000

Na Sceirí/An Ros/ Lusca

Trealamh agus balla céadfach a cheannach do Leabharlann na Sceirí nó an Rois

€10,000