Maoiniú Nua do Thionscadail Feabhsúcháin Sráid-dreacha i nDomhnach Bat

Donabate Streetscape.png

D’éirigh le Comhairle Contae Fhine Gall €40,000 a fháil le haghaidh tionscadail feabhsúcháin sráid-dreacha i nDomhnach Bat trí Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail. Tá an maoiniú mar chuid de Ár dTodhchaí Tuaithe, an straitéis cúig bliana chun an tuath in Éirinn a athbheochan agus ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe a dhéanamh níos bríomhaire agus níos tarraingtí chun maireachtáil, obair iontu agus cuairt a thabhairt orthu.

Tacóidh an maoiniú le huasghrádú áitribh tráchtála, foirgnimh chónaithe agus pobail, i nDomhnach Bat trí fheabhsúcháin ar aghaidheanna siopa, péinteáil, comharthaíocht, athsholáthar nó baint comharthaíochta, soilsiú agus plandú glas.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg léirithe spéise anois ó Dhomhnach Bat le haghaidh oibreacha feabhsúcháin i gceantar ainmnithe lár an bhaile. Is féidir iarratas a dhéanamh ar uasmhéid de €7,200 in aghaidh na maoine incháilithe. Tá tuilleadh sonraí faoin Scéim, Téarmaí agus Coinníollacha agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo: Foirm Léirithe Spéise.

Ag fáiltiú roimh fhógairt an mhaoinithe nua, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Fáiltím roimh fhógairt an mhaoinithe nua don scéim feabhsúcháin sráid-dreacha seo i nDomhnach Bat. Tá fáilte roimh an maoiniú seo don phobal agus cuideoidh sé le Lár an Bhaile a fheabhsú.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá príomhról ag Comhairle Contae Fhine Gall i bhforbairt na tuaithe trí thacaíochtaí pobail agus gnó agus forbairt bonneagair. Is foinse bhreise tacaíochtaí dá leithéid í an scéim nua feabhsúcháin Sráid-dreacha seo do Dhomhnach Bat, agus cabhróidh sé leis an bpobal áitiúil tarraingteacht agus beocht an bhaile a fheabhsú.”

Ní mór léirithe spéise a bheith faighte ag Comhairle Contae Fhine Gall ar nó roimh 12:00 meán lae Dé hAoine an 30ú Meitheamh 2023.

Ba cheart do pháirtithe leasmhara an fhoirm léirithe spéise agus na doiciméid tacaíochta riachtanacha chur ar ríomhphost chuig [email protected] nó an fhoirm léirithe spéise agus na doiciméid tacaíochta go léir a chur sa phost chuig Oifig Athnuachana Baile, EETCD, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.