Coinníonn Tránna Fhine Gall na Bratacha Gorma agus Glasa don bhliain 2023

D’fhógair An Taisce na tránna ar an gcaighdeán is airde feadh chósta Fhine Gall inniu ag ócáid Ghradaim Náisiúnta an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais i nDomhnach Bat.

Green and Blue Flag Awards 2023

D’fhógair An Taisce na tránna ar an gcaighdeán is airde feadh chósta Fhine Gall inniu ag ócáid Ghradaim Náisiúnta an Bhrait Ghoirm agus an Chósta Ghlais i nDomhnach Bat.

Tá stráice 3.4km de ghaineamh ag trá Bhaile Carraige i nDomhnach Bat, áit a raibh searmanas na mbrataí 2023 ar siúl, chomh maith le deis taiscéalaíochta thart ar na linnte carraige iontacha agus ar bhruach fholláin na ndumhcha. Sí seo an dara bliain ar bronnadh Brat Gorm agus Brat Cósta Glas ar an trá, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann den ocht láthair in Éirinn a fuair aitheantas faoí dhó ón Taisce.

Ar fud Fhine Gall, coinníodh trí Bhratach Ghorm agus Bratach Chósta Ghlais amháin ar fad, le gradaim bainte amach ag Trá na Veilbhite i bPort Mearnóg agus ag an Trá Theas sa Ros chomh maith le Baile Carraige. Tá siad i measc an 94 áit le gradam na brataí goirme agus an 65 shuíomh le gradam an chósta ghlais timpeall na hÉireann a bhfuil na critéir is déine bainte amach acu.

Is gradam idirnáisiúnta mór le rá í scéim an Bhrait Ghoirm, atá ina 36ú bliain anois, a bhfuil mar aidhm aige dearbhú a thabhairt do thurasóirí go bhfuil íoschaighdeán bainte amach ag trá. Caithfidh gach trá in Éirinn ar mhian leis Bratach Ghorm a bhaint amach  na caighdeáin is airde a mbaineann le cáilíocht an uisce, na n-áiseanna, na sábháilteachta, oideachas an chomhshaoil agus na bainistíochta iomlána a shásamh.

Agus é ag freastal ar an searmanas, dúirt Méara Chomhairle Contae Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: “Bainimid an-bhród as na Bratacha Gorma agus an Brat Glas a bronnadh orainn anuraidh a choinneáil. Léiríonn sé seo an ndíograis againn deis a thabhairt do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon taitneamh a bhaint as cuid de na sócmhainní is fearr atá ag Contae Fhine Gall. Chomh maith le dúthracht na Comhairle maidir leis na suíomhanna úrghlana seo a chosaint, táimid in ann leas a bhaint astu ar feadh na bliana uile mar thoradh ar an obair gan stad a cuireann na grúpaí pobail áitiúla agus lucht cairde na farraige iontu.”

Sé atá mar aidhm ag Gradam an Chósta Ghlais ná aitheantas a thabhairt do na tránna siúd a bhfuil cáilíocht uisce den scoth acu agus chomh leis an mbainistíocht cuí le haghaidh an dúlra nádúrtha a chosaint. Cuireann na gradaim béim ar leith ar rannpháirtíocht an phobail agus ní mór don údarás áitiúil gach trá a bhainistiú i gcomhar le grúpa áitiúil an chósta ghlan.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Léiríonn na Bratacha Gorma agus teidil an Chósta Ghlais a bronnadh orainn i mbliana go bhfuilimid ag  déanamh ár ndícheall fós chun a chinntiú go bhfuil cuid de na tránna is fearr ar domhan againn anseo sa chontae ar féidir le daoine taitneamh a bhaint astu. Moladh iontach atá iontu don taithí ar ardchaighdeáin agus do na saoráidí den scoth atá á gcur ar fáil againn i bhFine Gall.”

De réir clár idirnáisiúnta na Brataí Gorma, ní mór do gach údarás áitiúil ar fud an domhain leanúint leis na critéir ar leith a chomhlíonadh más mian leis stádas na brataí gorma a choinneáil ar a chuid tránna. I measc na dtreoirlínte sin, tá riail ann nach ligeann le madraí nó le peataí eile (seachas madraí cúnaimh) nach bhfuil ceadaithe a bheith ar thrá Brataí Gorma. Is rí-thábhachtach é seo d'fhonn cáilíocht uisce den scoth a choimeád de bharr na fianaise an-mhór a cheanglaíonn éilliú an uisce snámha le póna madraí. Léiríonn an t-anailís ina leith gur féidir le salachar madra amháin a fhágtar ar an trá a bheith ina chúis le héilliú ar an achar céanna le cúirt leadóige.

Ag labhairt dó ag an searmanas, dúirt an tAire O’Brien: “Sé seo i mbliaina ceiliúradh 20 bliain Gradaim an Chósta Ghlain agus an Chósta Ghlas agus tá an-áthas orm 65 Ghradam Chósta Ghlais a bhronnadh inniu, líon díobh nach baineadh amach riamh go dtí seo. Tá 36 bhliain na Brataí Gorma mar chlár idirnáisiúnta á chomóradh againn freisin inniu agus cuireann sé an-áthas orm 94 Bhratach Ghorm a bhronnadh le haghaidh séasúr na bliana 2023. Le linn an 36 bhliain sin, d'éirigh leis an mBratach Gorm aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach mar shiombail an ardchaighdeáin maidir le cáilíocht an uisce, le bainistíocht na timpeallachta, le hoideachas an chomhshaoil agus leis an tsábháilteacht. Léiríonn líon mór na ngradam atá á mbronnadh inniu obair dhian agus díograis na n-údarás áitiúil, An Taisce, pobail áitiúla an chósta agus na n-oibrithe deonacha eile ar fud na tíre.”

Le teacht an tsamhraidh, ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall a chur i gcuimhne gach éinne a théann ar an trá iad féin a iompar go freagrach agus gan bruscar a fhágáil ina ndiaidh le haghaidh duine eile á ghlanadh suas. Ba mhaith léi freisin a chur i gcuimhne úinéirí madraí a chinntiú nach bhfágfaí ach lorg cos a gcuid peataí ar an ngaineamh agus go bpiocfaidís an cac suas ina ndiaidh.

Tá tuilleadh eolais faoi chósta 88km Fhine Gall, a théann ó thuaidh ó Bhinn Éadair suas go dtí an taobh eile de Bhaile Brigín, le feiceáil ag: https://www.fingal.ie/visitor/trips/find-beach

Tosaíonn séasúr na snámha go hoifigiúil i mí Meithimh. Beidh gardaí tarrthála ar dualgas ar gach trá aitheanta ó 11rn go dtí 7in ag an deireadh seachtaine amháin le linn mí Meithimh agus ansin ag gach lá na seachtaine le linn mí Iúil agus mí Lúnasa.

Green Flag Awards 2023.jpg