Fine Gall réidh chun Cruinniú na nÓg 2023 a cheilliúradh

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh clár spreagúil ilghnéitheach Chruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2023.

Violinists Megan Churcher and Natalia Jaworek with Clarinettist Margot Maurel, Tubist Adam Buttimer and Flautist Ciara Corrigan-Margetts.

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh clár spreagúil ilghnéitheach Chruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2023. Tá Cruinniú na nÓg, lá bliantúil gníomhaíochtaí na cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus d'ógánaigh de chuid Éire Ildánach, ag dul ó neart go neart ó seoladh é sa bhliain 2018. Imeacht Éireannach ar leith atá sa tionscnamh suaitheanta Phlean an Óige Chruthaitheach seo de chuid Chlár Éire Ildánach a bhfuil mar aidhm aige cumas cruthaitheach na leanaí agus na ndaoine óga a éascú.

I mbliana tá Fine Gall ag díriú go hard le haghaidh Cruinniú na nÓg le clár spreagúil agus éagsúil na n-imeachtaí ar siúl ar fud an Chontae. Beidh gach imeacht saor in aisce le freastal orthu, agus tá tuilleadh eolais faoi gach imeacht le feiceáil i mbróisiúr Cruinniú na nÓg 2023 atá ar fáil ag do leabharlann áitiúil nó ar shuíomh Gréasáin na Comhairle - anseo

Violinists Megan Churcher and Natalia Jaworek with Clarinettist Margot Maurel, Tubist Adam Buttimer and Flautist Ciara Corrigan-Margetts.

Seo sampla den méid a bheidh ar siúl ar fud Fhine Gall Dé Sathairn an 10 Meitheamh:

Mion-fhéile ag Páirc na Mílaoise, Baile Bhlainséir

  • Ceardlanna idirghníomhacha leis na húdair aguss maisitheoirí Niamh Sharkey agus Mary Murphy
  • Ceol Clasaiceach do Pháistí ó Cheolfhoireann Baby Bop (arna choimisiúnú ag Oifig Ealaíon Fhine Gall)
  • Seisiúin Céadfach na Scéalaíochta  le Childvision
  • Ceardlanna Ealaíne Graifíti le Street Ark Ink agus ceardlanna Lego le Bricks4Kidz
  • Léirithe sorcais ó laochra sorcas na hÉireann, Deartháireacha Fanzini

Imeachtaí ag Leabharlann áitiúil Fhine Gall agat

  • Ceardlanna idirghníomhacha le Shane Hegarty, Eve McDonnell, Alan Nolan agus Erika McGann ag Leabharlanna Bhaile Brigín, Na Sceirí, Mhullach Íde, Bhinn Éadair agus Bhaile Bhlainséir.
  • Déan Scannán ar do ghuthán póca le Createschool ag Leabharlanna Bhaile Brigín agus Mhullach Íde
  • Ceardlanna ceoil le Scoil Soghluaiste an Cheoil ag Leabharlanna an Ros agus Bhaile Dúill
  • Ceardlann Fíodóireachta ó Wicklow Willow ag Leabharlann Sord
  • Ceardlanna STEAM ó Spás Haiceálaí Fhine Gall ag Leabharlann Bhaile Bhlainséir
  • Ceardlanna ealaíne leis an maisitheoir Úna Woods agus  leis na healaíontóirí John Carpenter agus Kim Jenkinson, chomh maith leis an ealaíontóir agus dearthóir idirnáisiúnta, Kriti Khatri

Imeachtaí de chuid Oifig Ealaíon Fhine Gall

  • Meicnic Neimhe - taispeántas pictiúirí le leanaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Philib, Baile Átha Cliath 15, leis na healaíontóirí Aileen Murphy agus Mary Jo Gilligan agus turas treoraithe ag Réadlann Dhún Shince
  • Buille Nua: ceardlanna rince agus ceoil don aos óg ag críochnú le léiriú in Ionad Ealaíon Seamus Ennis
  • Glún Ceoil Fhine Gall: ceardlanna gutha, giotár, scríobh amhrán agus taifeadta do dhaoine óga i dTeach na Burgúine, Sord
  • Ón gCré: Suiteán saothair ealaíne ceirmeacha nuachruthaithe le leanaí Scoil Náisiúnta Naomh Lúcás, Baile an Tirialaigh agus leis an ealaíontóir Edel Clarkson
  • Finscéalta na hÉireann: taispeántas de sceitsí amharclainne ar leith bunaithe ar sheanscéalta na hÉireann le leanaí Scoil an Duinnnigh agus Gaelscoil Bhrian Boroimhe, Sord agus leis na déantóirí amharclainne gairmiúla Seán agus Niall McDonagh.
Violinists Megan Churcher and Natalia Jaworek with Clarinettist Margot Maurel, Tubist Adam Buttimer and Flautist Ciara Corrigan-Margetts.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Howard Mahony , “Táimid cinnte go gcothóidh clár imeachtaí  Chruinniú na nÓgna bliana seo an fhiosracht agus go spreagfaidh sé an tsamhlaíocht i measc na ndaoine óga ar fad ar fud Fhine Gall. Le breis is 30 imeacht á reáchtáil thar ionaid éagsúla lena n-áirítear Páirc na Mílaoise agus inár leabharlanna, molaim go bhfiosródh gach teaghlach agus gach duine óg clár imeachtai. Is cuid thábhachtach de na seirbhísí a chuireann Fine Gall ar fáil do dhaoine óga é clár an Chruinnithe agus ligeann sé rochtain ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha ar bhealach cuimsitheach agus éasca.”

Dar le Lilian Whelan, Comhordaitheoir Éire Ildánach i bFine Gall, “Séard atá i gCruinniú na nÓg ná lá bliantúil na cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus d'ógánaigh agus is gné tábhachtach é i bhféilire Fhine Gall anois. I mbliana táimid ag dul go mór leis an sráidbhaile cruthaitheach i bPáirc na Mílaoise, le gníomhaíochtaí ar fud líonra na leabharlainne agus le roinnt imeachtaí fíorspeisialta sa cheol, sa scéalaíocht agus san ealaín. Táimid cinnté gur lá spraíúil agus cruthaitheach a bheidh ann ar an 10 Meitheamh don teaghlach ar fad inar féidir le páistí i ngach aois triail a bhaint as rud éigin nua agus cruthaitheach. Is cuma cá háit ina bhfuil tú i bhFine Gall, is cinnte go mbeidh imeacht ar siúl in aice leat a thabharfaidh deis duit an taobh cruthaitheach agat a léiriú.”

I gcomhar leis na 31 Údarás Áitiúil agus le tacaíocht ó RTÉ, oibríonn Éire Ildánach gan stad chun lá ar leith a chur le chéile inar féidir le teaghlaigh agus le daoine óga páirt a ghlacadh i raon leathan na ngníomhaíochtaí spraíúla cruthaitheacha atá ar fáil saor in aisce do gach éinne.

Rinneadh clár Cruinniú na nÓg de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a chomhfhorbairt ag foireann na Cruthaitheachta agus an Chultúir atá comhdhéanta d’ionadaithe tras-rannacha a bhfuil scileanna acu i mórán réimsí éagsúla an tsaineolais.

 

Cruinniú na nÓg Logo