Lá na Afraice 2023 le Ceilliúradh ar fud Fhine Gall

I gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha / Cúnamh Éireann, ta Foireann Imeasctha Fhine Gall  ag tabhairt tacaíocht do thrí ghrúpa le haghaidh Lá na hAfraice Fhine Gall 2023 a cheiliúradh.

africa day Lusk community centre 2023.PNG

Ceiliúradh bliantúil domhanda atá i Lá na hAfraice ar mhuintir, ar chultúir agus ar acmhainneacht na mór-roinne iontaí seo. Is deis ar an 25 Bealtaine gach bliain é Lá na hAfraice do dhaoine teacht le chéile agus éagsúlacht na hAfraice a cheiliúradh. I gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha / Cúnamh Éireann, ta Tá Foireann Imeasctha Fhine Gall  ag tabhairt tacaíocht do thrí ghrúpa le haghaidh Lá na hAfraice Fhine Gall 2023 a cheiliúradh. Léireoidh na himeachtaí an iliomad gnéithe cultúrtha den Afraic agus glacfaidh siad an oidhreacht chomhroinnte againne chugainn féin.

Beidh an chéad imeacht ar siúl in Ionad Pobail agus Cultúir Lusca ar an 25 Bealtaine 2023 idir 10rn agus 8in. Déanfaidh Comhairle Pobail Lusca ceiliúradh ar “Ár Stair Chomhroinnte” le Taispeántas Cultúr na hAfraice, Ceol, Amhránaíocht, Damhsa, Ceardlanna, Bia agus Tuilleadh.

Ar an 27 Bealtaine déanfaidh Grúpa Afracach Bhaile Brigín imeacht a óstáil a léireoidh an Afraic mar mhór-roinn seachas ach mar tír amháin trí mhalartú na gcultúr,  tríd an mbéaloideas, tríd an scéalaíocht, tríd na healaíona, tríd an gceol, tríd an mbia agus tríd an bhfeisteas ag Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh, Baile Brigín idir 11rn agus 5in.

Cuireann sé mór-áthas ar Líonra Abhcóideachta na hAfraice Éireann (AANI) Gradaim Gaisce Bród na hAfraice a léiriú Dé Domhnach an 28 Bealtaine 2023 idir 5in agus 11in. Reáchtálfar an ócáid in Ionad Spóirt agus Imeachtaí Bhaile an Bhaspailigh le haghaidh buanna agus sár-ionchur na hóige do phobal na hÉireann a léiriú.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony: ‘Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach éinne a ghlac páirt sna himeachtaí iontacha seo a eagrú le haghaidh Lá na hAfraice 2023 agus tá a fhios agam go dtabharfaidh siad léargas dúinn ar an gcultúr bríomhar agus ba mhaith liom aithint ar leith a thabhairt dóibh siúd a mbronnfar Gradaim Gaisce Mórtas na hAfraice orthu.'

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: ‘Is mór an t-áthas a chuireann sé ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacaíocht a thabhairt d’imeachtaí seo Lá na hAfraice a dtugann deis iontach do cultúir dhúchasacha an iliomad Afracach atá ina gcónaí i bhFine Gall a cheiliúradh chomh maith le dul i ngleic leo agus sinne ag leanúint ar aghaidh leis an lánpháirtíocht a chur chun cinn agus an éagsúlacht a cheiliúradh ar fud an Chontae.'

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl i bhFine Gall, tá ceardlann drumadóireachta ar an téama Afraiceach Beárbaiciú agus Ceol agus an Ceolchoirm Afra-Éireannach ina dhiaidh sin ag Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann i mBaile Brigín. Ta tuilleadh eolais faoi Lá na hAfraice agus faoi na himeachtaí lena bhaineann ar fud na tíre le feiceáil ar shuíomh Gréasáin an RGE ag:  https://www.ireland.ie/en/africa-day/  

AANI Africa Day Flyer.jpg
AANI Africa day flyer