Tar éis filleadh ar stádas “sármhaith” ag Trá Loch Sionnaigh i dtorthaí na hanailíse saotharlainne tá na fógra Toirmisc (Ná snámh) a eisíodh bainte ón clár fógraí inniu .
Tá fáilte á cur ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall roimh an bhformáid nua do Sheachtain na hOidhreachta 2020 a léiríonn oidhreacht an Chontae trí chlár iontach ar líne.
Tá Fógra Ná Snámh sealadach eisithe do Thrá Loch Sionnaigh ar feadh 6 lá mar gheall ar thuairiscí amhairc ar thruailliú séarachais ar dóigh dó a bheith mar thoradh ar dhoirteadh ón líonra fuíolluisce.
De bharr líon mór na gcuairteoirí deireadh seachtaine atá ag teacht go dtí Fearann Páirce/Diméin Fhine Gall, agus na freagartha leanúnaí ar an bpaindéim COVID 19, ní féidir freastal ar ghrúpaí móra beárbaiciú sna Diméinte (grúpaí os cionn 12 duine).
Tá Comhairle Contae Fhine Gall anois ag glacadh le hiarratais ar an Deontas Atosaithe Breise a sheol an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar, TD inniu.
Bhronn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail breis agus €74,000 ar Chomhairle Contae Fhine Gall faoi Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte - Bearta Luathaithe mar fhreagairt ar COVID-19.
Tá áthas ar Rannóg Sábháilteacht Bhóithre Chomhairle Contae Fhine Gall dul i gcomhpháirt leis an Ionad Éireannach don Rothaíocht chun traenáil a chur ar fáil don rothaíocht shábháilte le haghaidh clubanna CLG i bFine Gall. Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy an tionscnamh “Déan réidh don Traenáil” ar Dé Máirt 4 Lúnasa le Club CLG N. Finín agus Coláiste Loreto, Sord.
D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh David Healy, Leabhar Comhbhróin Digiteach do na saoránaigh siúd ó Fhine Gall ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir John Hume, a d’imigh ar shlí na fírinne an 3 Lúnasa
Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall roimh €200,000 a leithdháileadh le haghaidh Bealach Cósta Fhine Gall, bealach siúil agus rothaíochta ardchaighdeáin de 32km a théann ó Dhiméin an Ghráinseach Nua i nDomhnach Bat go dtí teorainn an chontae taobh ó thuaidh de Bhaile Brigín.
Fuarthas torthaí na hanailíse saotharlainne ar shamplaí a tógadh an 28ú Iúil, 2020 inniu agus mar thoradh ar fhilleadh ar stádas “sármhaith” bainfear an fógra Ná Snámh a eisíodh le haghaidh An Trá Mhín, Port Mearnóg