Leabhar Comhbhróin do John Hume

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh David Healy, Leabhar Comhbhróin Digiteach do na saoránaigh siúd ó Fhine Gall ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir John Hume, a d’imigh ar shlí na fírinne an 3 Lúnasa

John Hume

D’oscail Méara Fhine Gall, an Comh David Healy, Leabhar Comhbhróin Digiteach do na saoránaigh siúd ó Fhine Gall ar mian leo a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir John Hume, a d’imigh ar shlí na fírinne an 3 Lúnasa.

Chuir John Hume an próiseas síochána chun cinn a ndearnadh Comhaontú Aoine an Chéasta mar thoradh air i 1998 agus a chuir deireadh le foréigean a mhair na blianta i dTuaisceart Éireann.

Beidh an leabhar ar oscailt go dtí an 21 Lúnasa, nuair a dhéanfar é a chur i gcló agus a sheoladh chuig muintir Hume.

Is féidir leat an leabhar a shíniú ag an nasc seo   https://consult.fingal.ie/en/content/book-condolence-memory-john-hume