“Déan réidh don Traenáil” “Gearing up for Training”– tionscnamh rothaíochta seolta

 Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy an tionscnamh “Déan réidh don Traenáil” "Gearing up for training"  ar Dé Máirt 4 Lúnasa le Club CLG N. Finín agus Coláiste Loreto, Sord.

Gearing up for training

Tá áthas ar Rannóg Sábháilteacht Bhóithre Chomhairle Contae Fhine Gall dul i gcomhpháirt leis an Ionad Éireannach don Rothaíocht chun traenáil a chur ar fáil don rothaíocht shábháilte le haghaidh clubanna CLG i bFine Gall. Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. David Healy an tionscnamh “Déan réidh don Traenáil” ar Dé Máirt 4 Lúnasa le Club CLG N. Finín agus Coláiste Loreto, Sord. Bhí na himreoirí óga F11, F12 agus F13 an-tógtha leis an tionscanamh agus tá sé i gceist é a rolladh amch go dtí clubanna ar fud an chontae.

Dearadh an an tionscnamh “Déan réidh don Traenáil” chun traenáil rothaíochta teoiriciúil agus praiticiúil a sholáthar go gairmiúil do chlubanna CLG. Is é an tIonad Éireannach don Rothaíocht, atá faofa ag an glcár Rothaigh i gCeart a chuirfidh an traenáil ar fáil. Ón traenáil seo gheobhaidh na páistí na scileanna is gá, an fheasacht maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus an muinín chun dul go dtí a gclubtheach agus cluichí baile ar an rothar, rud a chruthóidh modh iompair níos sábháilte agus níos inmharthana. Ag an am céanna, beidh níos mó spásanna páirceála ag an glcub d’fhoireann a bhfuil orthu taisteal ar laethanta ar a mbíonn cluiche ar siúl. 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr David Healy: ‘Bhí lúcháir orm an traenáil rothaíochta a sheoladh ar maidin atá bunaithe i gClub CLG N. Finín agus Coláiste Loreto , Sord. Tá Fine Gall tiomanta feabhas a chur ar bhóithre agus ar shráideanna chun go mbeidh daoine ábalta rothaíocht orthu, go háirithe chun dul go dtí scoileanna agus áiseanna spóirt áitiúla. Cuireann an traenáil rothaíochta leis an soláthar infreastruchtúir seo ar bhealach táchachtach. Cuireann sé le scileanna agus le muinín na ndaoine a úsáideann rothair ar bhóithre. Is iontach an rud é an traenáil seo a sheachadadh do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile trína a gclubanna agus a scoileanna. Tá an t-ádh linn i bhFine Gall go bhfuil an tIonad Éireannach don Rothaíocht againn bunaithe i Mullach íde, a chuir an traenáil ar fáil inniu agus a thairiscíonn traenáil rothaíochta do dhaoine fásta agus do pháiste araon.

“Tá áthas ar Rannóg Sábháilteacht Bhóithre Chomhairle Contae Fhine Gall an tionscnamh “Déan réidh don Traenáil” do chlubanna i bhFine Gall a sheoladh”, a dúirt Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre Andrew Nolan. Lean sé air “ is é an aidhm atá ann ná na scileanna is gá a sholáthar do pháistí mar aon leis an eolas chun roathaíocht le muinín; páistí agus a dteaghlaigh a spreagadh dul ar an rothar go dtí seisiúin traenála agus cluichí ag baint úsáide as modh iompair níos inbhuanaithe; agus fadhbanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a mhaolú, cosúil le brú tráchta agus páirceáil ag páirceanna imeartha.

Tá cónaí ar fhormhór na n-imreoirí agus ar bhaill na gclubanna cóngarach dá gclub; mar sin is é an sprioc atá ag an tionscanamh ná iad a spreagadh an rothar a úsáid chun dul go dtí cluichí baile agus seisiúin traenála. Is iontach an rud é go bhfuil an tIonad Éireannach don Rothaíocht bunaithe i bhFine Fall agus gur féidir leo an traenáil seo a sheachadadh.”

Is é an sprioc ná an clár seo a rolladh amach do chlubanna ar fud an chontae.

Tuilleadh eolais  [email protected]   

Gearing up for training
Gearing up for training
Gearing up for training