Fógra Sealadach 'Ná Snámh' eisithe do Thrá Loch Sionnaigh

Tá Fógra Ná Snámh sealadach eisithe do Thrá Loch Sionnaigh ar feadh 6 lá mar gheall ar thuairiscí amhairc ar thruailliú séarachais ar dóigh dó a bheith mar thoradh ar dhoirteadh ón líonra fuíolluisce.

Loughshinny

Tá Fógra Ná Snámh sealadach eisithe do Thrá Loch Shoinnaigh ar feadh 6 lá mar gheall ar thuairiscí amhairc ar thruailliú séarachais, ar dóigh dó a bheith mar thoradh ar dhoirteadh ón líonra fuíolluisce.

Tá imscrúdú draenála tosaithe agus eagrófar athshamplú chun an fógra a ardú nuair a bheidh an t-imscrúdú seo críochnaithe. 

Tá an trá fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.