News

in
in
04 Apr 2022
Sports

Ciste Pobail ag Gluaiseacht 2022 Seolta

Tá Oifig an Spóirt Chomhairle de chuid Contae Fhine Gall, trí Chiste COVID-19 de chuid Spórt Éireann, ag lorg iarratas ó Eagraíochtaí Deonacha an Phobail atá cláraithe le Líonra Rannpháirtíoccht an Phobail (LRP) Contae Fhine Gall agus NACH bhfuil dírithe ar spórt nó ar ghníomhaíocht fhisiciúil mar agus atá ag obair le daoine i limistéar riaracháin Fhine Gall. 

04 Apr 2022
Active Travel

Straitéis Taistil Gníomhach Fhine Gall faoi Chomhairliúchán Poiblí faoi láthair

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh don phobal féachaint ar dhréacht-Straitéis Taistil Gníomhach d’Fhine Gall agus freagairt a thabhairt air. A cur le chéile ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach, sí seo an chéad cháipéis dá leithéid a baineann le Fine Gall agus an Taisteal Gníomhach agus an iompar sa chontae á meas aici sna blianta atá le teacht.

01 Apr 2022
Creative Fingal

An Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ Seolta

Tá mná Fhine Gall léirithe i dtaipéis! Mar chuid den Chlár Éire Ildánach, tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall an Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ a sheoladh.  Léiríonn an Taipéis, arna cruthú ag an ealaíontóir Agnieszka ‘Uisce’ Jakubczyk, gnéithe de shaol mhná Fhine Gall i gcaitheamh na n-aoiseanna.

01 Apr 2022
Census 2022

Beidh an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh, 3 Aibreán

Beidh an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh, 3 Aibreán. Is é seo an 26ú daonáireamh a bheidh á reáchtáil ón mbliain 1841.

Tá an daonáireamh ar cheann de na bearta is tábhachtaí sa tír. Tá sé tábhachtach duitse, do do theaghlach, do thuismitheoirí agus do leanaí, do phobal áitiúil, do chontae, do réigiún agus do do thír féin.

31 Mar 2022

Oibreacha le tosú i bPáirc Bhaile an Phóirtéaraigh

Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall a chur in iúl go bhfuil obair fhairsing le tosú ar Pháirc Bhaile an Phóirtéaraigh i mBaile Átha Cliath 15 ó Dé Luain an 4 Aibreán mar chuid de chlár na comhairle um áiseanna sa cheantar a uasghrádú.