An Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ Seolta

Tá mná Fhine Gall léirithe i dtaipéis! Mar chuid den Chlár Éire Ildánach, tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall an Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ a sheoladh. 

Women of Fingal Tapestry Launch Mayor and Artist

Tá mná Fhine Gall léirithe i dtaipéis! Mar chuid den Chlár Éire Ildánach, tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall an Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ a sheoladh.  Léiríonn an Taipéis, arna cruthú ag an ealaíontóir Agnieszka ‘Uisce’ Jakubczyk, gnéithe de shaol mhná Fhine Gall i gcaitheamh na n-aoiseanna ó na déantáin a fuarthas le linn thochailtí Dhroim Meánach suas chomh fada le mná réabhlóideacha. Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh i Leabharlann an Rois í Dé Céadaoin agus ba thochtmhar an ócáid é dóibh siúd go léir a bhí i láthair sa suíomh álainn sin.

Cruthaíodh an obair álainn seo chun ómós a léiriú ar eispéiris na mban, eispéiris a rinneadh neamhaird díobh agus nár taifeadadh go minic sna laethanta atá thart, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcuimhne agus leagáid a chur mná Fhine Gall ar aghaidh ó ghlúin go glúin leis na céadta, ón aimsir réamhstairiúil go dtí an lá atá inniu ann. Maoiníodh an tionscadal tríd an gclár Éire Ildánach agus ba í Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall a rinne maoirsiú air.

Agus í ag labhairt ag an seoladh, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: ‘Sa taipéis seo, lena lámha agus a healaíontacht féin, tá Uisce tar éis mná a fhí isteach inár stair an athuair’.

Dar le Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, ‘Tá sé dochreidte oidhreacht, ealaíon, seandálaíocht agus cruthaitheacht a fheiceáil le chéile sna móitífeanna áille seo, íomhánna a insíonn scéal mhná Fhine Gall’.

Mhol Agnieszka ‘Uisce’ Jakubczyk, an t-ealaíontóir an obair a dhéanann mná ar son na sochaí agus na luachanna ar fad a bhaineann leo, amhail eolas, gean, comhbhá, grá agus a gcumas pobail a thógáil agus a chothú. Lean sí léi ag caint:

Roghnaigh mé an fhíodóireacht mar phríomhtheicníc an phíosa seo toisc go raibh an fhíodóireacht ina cheird bhaineann in Éirinn leis na céadta. Chun an píosa a chur le chéile, roghnaigh mé snáithíní a bhíodh i lámha na mban le linn tréimhsí éagsúla i stair na hÉireann: snáithíní línéadaigh, snáithíní olla, snáithíní cnáibe, snáithíní neantóige agus snáithíní gabhair.

Faightear an chuid is mó de mhóitífeanna na Taipéise i gceantar Fhine Gall, e.g. trí uirlis fhíodóireachta: snáthaid, cíor fhíodóireachta agus ualach seolta a fuarthas le linn thochailtí seandálaíochta Dhroim Meánach in 2019. Tá cuid eile de na móitífeanna nasctha le mná áirithe atá bainteach leis an gceantar, e.g. móitíf de Mholly Weston ar dhroim capaill agus í ar a bealach chuig Cath na Teamhrach in 1798. Tá roinnt móitífeanna sa Taipéis freisin a léiríonn carachtair uilíocha na mban.

Theastaigh uaim píosa ealaíne a chruthú a bheadh gach uile bhan, ó Fhine Gall agus áiteanna eile, in ann teacht leis ina bealach féin.”  

I ndiaidh tréimhse a chaitheamh ar taispeáint i Leabharlann an Rois, beidh an Taipéis ‘Mná Fhine Gall’ á tabhairt go caisleán álainn Shoird, áit a gcuirfear ar taispeáint go luath í.

Women of Fingal Tapestry Amy Hanley
Women of Fingal Tapestry