Straitéis Taistil Gníomhach Fhine Gall faoi Chomhairliúchán Poiblí faoi láthair

launch active travel draft strategy

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh don phobal féachaint ar dhréacht-Straitéis Taistil Gníomhach d’Fhine Gall agus freagairt a thabhairt air. A cur le chéile ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach, sí seo an chéad cháipéis dá leithéid a baineann le Fine Gall agus an Taisteal Gníomhach agus an iompar sa chontae á meas aici sna blianta atá le teacht.

Déanann an cháipéis na haidhmeanna a mbaineann le líon na ndaoine a roghnaíonn an Taisteal Gníomhach do thurais ghearra laethúla a mhéadú agus leagann sí amach raon leathan na dtionscadal bonneagair agus na dtionscnamh le haghaidh a leithéid sprice a bhaint amach.

Dar le Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Nuair a bhímid ag caint faoi Thaisteal Gníomhach, bímid ag caint faoi ghníomhaíochtaí siúil agus rotha, ar nós rothaíocht nó scútaráil, mar an rogha áisiúil agus soiléir do thurais ghearra. D’fhéadfaí mór-chuid dár dturais ón mbaile go dtí na scoileanna, na siopaí, na clubanna spóirt, na páirceanna agus na tránna a dhéanamh trí úsáid a bhaint as Taisteal Gníomhach. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair d'fhonn na lánaí rothar, na bealaí siúil, na scéimeanna cíosa rothar agus mar sin de a chur leis an bhfeachtas a d’fhéadfadh an t-athrú seo a bhaint amach, agus is céim thábhachtach i dtreo an athraithe ríthábhachtaigh seo é ullmhú na Straitéise seo.”

Active Travel team pose with strategy and vechicles

Moltar don phobal an dréacht-Straitéis Taistil Gníomhach d’Fhine Gall a léamh agus a dtuairimí a roinnt le foireann an tionscadail trí aighneacht a dhéanamh ar líne ag https://consult.fingal.ie. Tá ceistneoir ar líne ar fáil freisin dóibh siúd ar fearr leo a dtuairimí a roinnt trí shraith ceisteanna a fhreagairt, agus is féidir á fháil chomh maith ar an suíomh Gréasáin Consult Portal.

Faoi láthair níl ach 18% de chónaitheoirí Fhine Gall ag siúl nó ag rothaíocht ar an obair nó ar an gcoláiste, agus déanann 51% acu a gcuid taistil leis an gcarr*.

Leag an Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taistil Ghníomhaigh, David Storey, béim ar an tábhacht a baineann le rannpháirtíocht an phobail i gcruthú na Straitéise. “Is féidir ár mbailte agus ár sráidbhailte a athrú ó bhonn, le haer níos glaine, le brú níos lú  na tráchta agus le sráideanna níos sábháilte inar féidir le gach éinne idir óg nó aosta siúl agus rothaíocht gan imní agus taitneamh a bhaint as ár gcontae álainn mar thoradh ar ghlacadh leis an Taisteal Gníomhach agus á oiriúnú dár riachtanais féin. Beidh gá le hiarracht agus le hionchur ó gach éinne ionas go mbeadh saol sláintiúil agus inbhuanaithe i ndán don phobal sna blianta atá romhainn agus, dá bhrí sin, ba maith linn bhur gcuid tuairimí i leith Dréacht-Straitéis an Taistil Gníomhach Fhine Gall a chloisteáil mar beidh tionchar aici ar saol gach éinne nuair a chuirimid tús lená cur i bhfeidhm.”

I ndiaidh maoiniú suntasach breise ón Údarás Náisiúnta Iompair á fhógairt le déanaí do thionscadail Taisteal Gníomhach ar fud Fhine Gall sa bhliain 2022, agus i ndiaidh foilsiú an Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide uasdátaithe de chuid Rialtas na hÉireann sa bliain 2021, tá sé soiléir nach mór dúinn athrú a dhéanamh ar an gcaoi a glacann Fine Gall leis na haistrithe lena mbaineann.

Nuair a bheidh an Straitéis Taistil Gníomhach d’Fhine Gall tugtha chun críche, bainfidh na príomhchinnteoirí ar Chomhairle Contae Fhine Gall úsáid aisti chun eolas a thabhairt do na roghanna a mbíonn tionchar acu ar mhodhanna taistil de chuid phobal an chontae. Tar éis don Chomhairliúchán Poiblí seo a chríochnú ar an 23 Bealtaine 2022, breithneoidh foireann an tionscadail na haighneachtaí go léir agus an cháipéis á tabhairt chun críche acu, agus ar a déanfar scagadh ina dhiaidh sin, agus ceaptar go bhfoilseofar í i R3 na bliana 2022.

Active Travel team pose with bike