Gairm Oscailte do Thograí Ealaíne – Coimisiún Chruinniú na nÓg 2022 – Éire Chruthaitheach Fhine Gall

Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh thograí ó Ealaíontóirí agus Cleachtóirí Cruthaitheacha leis an aidhm tionscadail ealaíne a fhorbairt agus a sheachadadh do leanaí agus/nó do dhaoine óga do Chruinniú na nÓg 2022.

Cruinniu na nOg Logo

 Fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh thograí ó Ealaíontóirí agus Cleachtóirí Cruthaitheacha leis an aidhm tionscadail ealaíne a fhorbairt agus a sheachadadh do leanaí agus/nó do dhaoine óga do Chruinniú na nÓg 2022.

Is tionscnamh suaitheanta é Cruinniú na nÓg de chuid Phlean d’Aos Óg Cruthaitheach an Chláir Éire Chruthaitheach, a chuirfidh ar chumas leanaí agus daoine óga barr a gcumais a bhaint amach san ealaíon. Reáchtálfar i mbliana é ar Dé Sathairn 11 Meitheamh. Níl aon chostas ag baint le freastal ar na himeachtaí, na tionscadail agus na taispeántais, agus beidh siad áitiúil agus idirghníomhach. Is lá é chun cruthaitheacht na ndaoine óga a cheiliúradh. Tá an deis seo á maoiniú ag Éire Chruthaitheach.

An aidhm atá taobh thiar den choimisiún ná forbairt a dhéanamh ar ábhar ealaine agus cruthaitheach ina mbeidh spéis ag leanaí/daoine óga (0-18 bliain d’aois). Áireofar aon taithí uathúil a théann i ngleic le téama ar bith in aon fhoirm ealaíne -  lena n-áirítear na hamharc-ealaíona, an ceol, litríocht, drámaíocht, taibhiú, an focal labhartha, faisean, fótagrafaíocht, na healaíona digiteacha, ealaín suiteála, ealaín sráide, seanchas, ailtireacht, bithéagsúlacht, an oidhreacht, tírdhreachanna.  

Is spéis linn go háirithe an rannpháirteachas aghaidh ar aghaidh, ach glacfaimid le hábhar meáin don raidió, don teilifís nó ábhar digiteach atá nuálaíoch. Is féidir le tograí úsáid a bhaint as timpeallachtaí óige/pobail/ealaíona, bunscoileanna nó iar-bhunscoileanna, teaghlaigh agus tuilleadh nach iad.

Amlíne: Ba chóir go dtosófar ar thionscadail i mBealtaine agus go mbeidh siad críochnaithe i mí an Mheithimh/Iúil. Ní mór cur i láthair deiridh a dhéanamh nó eolas a roinnt faoi stádas an tionscadail ar Dé Sathairn 11 Meitheamh.

Raon Buiséid: €4,000 - €20,000 (lena n-áirítear gach táille ealaíne, CBL agus ábhair / costais léiriúcháin/taibhithe/taispeántais).

Spriochdháta chun iarratas a dhéanamh: Déadaoin 21 Aibreáin. Tabharfar fógra d’iarratasóirí sa tseachtain ag tosú ar 25 Aibreán agus tabharfar tacaíocht dóibh chun dul i mbun oibre.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach: http://fingalarts.ie/education/open-call-cruinniu-na-ng-2022-commission-creative-ireland-fingal