An feachtas Dia Dhuit, Conas Atá Tú? ag teacht go Baile Brigín agus Fine Gall ar an 7ú Aibreán

Tá Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Thrive Baile Brigín agus Meabhairshláinte Éireann ag tacú leis an bpobal áitiúil i mBaile Brigín teacht le chéile don lá ‘Dia dhuit, conas atá tú’ ar an 7ú Aibreán 2022.

Hello how are you

Tá Oifig Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhar le Thrive Baile Brigín agus Meabhairshláinte Éireann ag tacú leis an bpobal áitiúil i mBaile Brigín teacht le chéile don lá ‘Dia dhuit, conas atá tú’ ar an 7ú Aibreán 2022.

Is feachtas é Dia Dhuit, Conas Atá Tú? faoi nasc a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i gcomhráite oscailte faoi mheabhairshláinte. Iarrann an feachtas ar dhaoine aonair, ar phobail, ar ionaid oibre, ar chairde agus ar theaghlaigh Dia dhuit a rá agus an cheist ‘Conas Atá Tú?’ a chur ar bhealach fiúntach. Is féidir fíordhifríocht a dhéanamh i saol duine má chuirtear an cheist bheag seo agus má bhíonn comhrá amháin agat. Cabhraíonn nasc a chruthú, a chothabháil agus a choimeád le daoine eile dul i ngleic leis an uaigneas, cruthaíonn sé muintearas agus diongbháilteacht agus cothaíonn sé caidrimh.

Is gluaiseacht mheabhairshláinte é Thrive Baile Brigín ina mbíonn pobail, seirbhísí agus gníomhaireachtaí ag obair i gcomhar le chéile agus ar bhealach comhtháirgiúil chun smaointe a ghiniúint. Tá sé mar aidhm aige tuiscint agus feasacht a chothú ar mheabhairshláinte agus ar fholláine chun pobal atá báúil don mheabhairshláinte a chruthú do chách.  

Cuirfear tús leis an imeacht ag 10rn leis an ngrúpa ag tabhairt amach cártaí comhrá i mBaile Brigín. Beidh Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh ag óstáil fóram eolais ag 11.30 le tae agus comhráite agus sinn ag fiafraí dá chéile ar bhealach fiúntach ‘Dia dhuit, conas atá tú?’. Tabharfar amach Cártaí Comhrá agus seirbhísí tacaíochta i rith an lae agus aistríodh iad go roinnt teangacha lena n-áirítear  Úcráinis ar féidir teacht orthu ar láithreán gréasáin ionad pobail Bhaile an Phléimeannaigh agus Fhearann an Chaisleáin.  Beidh Empower ag stiúradh siúlóid agus caint ‘Dia dhuit, conas atá tú’ leis an bpobal agus beidh teacht le chéile sa chearnóg ina dtabharfaidh Méara Fhine Gall cúpla focal inspioráide. Beidh an Grúpa Thrive i mBaile Brigín ag cur an fheachtais chun cinn i rith an lae lena n-áirítear seóthaispeántas ó Sheid na bhFear agus beidh Cór Choláiste Ard Giolláin ag canadh don phobal sa Chearnóg ag 1in. Cuirfear clabhsúr leis an lá le Cór Gaspail Bhaile Brigín ag canadh in Ionad Siopadóireachta Ghort an Mhuilinn ag 3.30in, áit a mbeidh taispéantas eolais ar feadh an lae freisin.

Tá Leabharlanna Fhine Gall ag tacú freisin leis an bhFeachtas Dia Dhuit, Conas atá Tú ar an Déardaoin an 7ú Aibreán. Beidh rogha leabhar ar taispeáint i ngach leabharlann ón mbailiúchán Éire Shláintiúil ag do Leabharlann, foireann chairdiúil agus cártaí comhrá le heolas cabhrach. Is féidir leis na Cártaí Comhrá seo daoine a nascadh le tacaíochtaí atá ar fáil, más gá. Beidh imeachtaí ar siúl i Leabharlanna Shoird agus Bhaile Bhlainséir. Beidh Seisiún Ealaíne agus Aireachais i Leabharlann Shoird ó 3.30-4.30 do pháistí idir 8 go 12 bliana d’aois, déan áirithint sa Leabharlann 01 8905582. Óstálfaidh Leabharlann Bhaile Bhlainséir Féinchúram le Orlaith do dhaoine fásta ag 10rn-11rn. Tar agus faigh amach ar bhealach cruthaitheach conas aire níos fearr a thabhairt duit féin. Níl le déanamh ach glaoch ar Leabharlann Bhaile Bhlainséir ag 018905560.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhFeachtas Dia Dhuit, Conas Atá Tú féach  https://hellohowareyou.info/ Déan teagmháil le Leah Walshe maidir le himeachtaí Bhaile Brigín ag [email protected]

Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh https://www.flemingtoncc.ie/  Ionad Pobail Fhearann an Chaisleáin https://castlelandcc.ie/  Is féidir clár ama an lae a íoslódáil anseo https://balbriggan.ie/hello-how-are-you/ 

 

Hello how are you