Ciste Pobail ag Gluaiseacht 2022 Seolta

Tá Oifig an Spóirt Chomhairle de chuid Contae Fhine Gall, trí Chiste COVID-19 de chuid Spórt Éireann, ag lorg iarratas ó Eagraíochtaí Deonacha an Phobail atá cláraithe le Líonra Rannpháirtíoccht an Phobail (LRP) Contae Fhine Gall agus NACH bhfuil dírithe ar spórt nó ar ghníomhaíocht fhisiciúil mar agus atá ag obair le daoine i limistéar riaracháin Fhine Gall. 

Communities Get Moving

Tá Oifig an Spóirt Chomhairle de chuid Contae Fhine Gall, trí Chiste COVID-19 de chuid Spórt Éireann, ag lorg iarratas ó Eagraíochtaí Deonacha an Phobail atá cláraithe le Líonra Rannpháirtíoccht an Phobail (LRP) Contae Fhine Gall agus NACH bhfuil dírithe ar spórt nó ar ghníomhaíocht fhisiciúil mar agus atá ag obair le daoine i limistéar riaracháin Fhine Gall. 

Tá sé mar aidhm ag an gCiste Pobail ag Gluaiseacht  (Communities Get Moving Fund) spreagadh a thabhairt do ghrúpaí pobail (daoine fásta) leas a bhaint as ranganna gníomhaíocht choirp, sin iad ranganna aclaíochta/damhsa/deiseanna gníomhaíochta spóirt, ina n-ionad pobail áitiúil nó ina clubanna spóirt agus chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh na gcostas a mbaineann le clárú dá leithéid ghníomhaíochta. Sula ndéantar an t-iarratas, ba chóir don ghrúpa dul i dteagmháil lena ionad pobail áitiúil nó lena chlub spóirt áitiúil agus fiosrú a dhéanamh ar na deiseanna gníomhaíochta coirp atá ar fáil dóibh ina cheantar. 

Arsa Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, "Is buntáiste ollmhór é méadú na gníomhaíochta fisiciúla dár bhfolláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta agus cuirfidh an scéim nuálaíoch maoinithe seo deiseanna nua ar fáil chun a leithéid a bhaint amach i measc Pobal Fhine Gall." 

Dar le Gerry Reardon, Príomhoifigeach Spóirt, “Tá an-áthas orainn an ciste seo a chur ar fáil chun daoine a spreagadh le tuilleadh gníomhaíochta fisiciúla a dhéanamh. Cabhróidh sé seo le nasc a chruthú idir eagraíochtaí traidisiúnta an phobail nach bhfuil dírithe ar spóirt agus deiseanna na ngníomhaíochta coirp agus tá súil againn go spreagfar tuilleadh gníomhaíochta laistigh d'Ionaid an Phobail i bhFhine Gall.” 

Tá suas le €1,200 ar fáil in aghaidh gach eagraíocht pobail. Ní cheadaítear ach iarratas amháin in aghaidh na heagraíochta agus níl ceannach trealaimh san áireamh sa mhaoiniú seo. Gheobhaidh na hiarratais rathúla 50% roimh ré agus íocfar an 50% eile de ar chríochnú na gníomhaíochta comhaontaithe. Ní mór do ghrúpaí/daoine aonair a chinntiú go bhfuil an dóthain clúdach árachais acu chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí spóirt/gníomháiochta fisiciúla atá luaite san iarratas. 

Ní mór gach ceist a chur ar rPhost chuig [email protected] agus ainmneofar ball den fhoireann spóirt mar theagmhálaí nuair a fhaightear d’iarratas. 

Is féidir an t-iarratas a fháil ar: 

https://www.fingal.ie/council/service/community-grants-and-funding