Gradam Stiúideo Ealaíona Fhine Gall agus Scoil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga

RHA_Award_2017_850_567_s (1)

Tá Scoil an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga i gcomhpháirtíocht le hEalaíona Fhine Gall ag cur deis ar fáil d'ealaíontóir proifisiúnta chun spás stiúideo maoinithe a fháil ar feadh tréimhse bliana. Tugann an gradam deis d'ealaíontóir forbairt a dhéanamh ar a c(h)leachtas laistigh de chreatlach institiúide an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga agus clúdaíonn sé costas cíosa an stiúideo agus riaracháin. Tá an gradam ar fáil d'ealaíontóirí cleachtacha ag gach céim a ngairme proifisiúnta a oibríonn i réimse an amharcealaín. Ní mór d'iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh: rugadh an t-iarratasóir i limistéar riaracháin Fhine Gall, rinne sé/sí staidéar ann nó tá cónaí air/uirthi ann faoi láthair.